Támhshuanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hearóin, támhshuanach cumhachtach.

Ceimiceán a laghdaíonn céadfacht nó a chuireann codladh ar dhuine. Eiseamláirí is ea moirfín, hearóin, cócaon, codlaidín is a ndíorthuithe. Úsáidtear iad sa mhíochaine chun faoiseamh ó phian a thabhairt.

Ach féadfaidh dáileog iomarcach a bheith ciontach as támhnéalcóma a chur ar dhuine, fiú bás. Úsáidtear go mídhleathach iad go forleathan ar fud an Domhain, ciapadh idirnáisiúnta amach is amach mar go n-éiríonn daoine andúileach iontu go héasca agus is marfach an trádáil choiriúil sna drugaí seo.