Stróbasplanc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Taifead fótagrafach ar réad inghluaiste trí nochtaí an-ghearra tréimhsiúla, le cabhair splancshoilsithe leictreonaigh agus an chomhla oscailte. I gcineamatagrafaíocht úsáidtear stróbashoilsiú le splanc leictreonach, sioncronaithe le ráta frámaí an cheamara, chun íomhánna géara de réada atá ag gluaiseacht go han-tapa a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stróbasplanc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 630.