Splanc leictreonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula equipament informàticSplanc leictreonach

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla deproduct category (en) Aistrigh

Is éard is splanc leictreonach ann ná foinse solais i gcomhair grianghrafadóireachta a tháirgeann solas láidir an-ghairid nuair a dhíluchtaítear toilleoir trí fheadán folúsaithe le rian xeanóin ann. Níl an feadán seoltach go ndéantar toilleoir eile a dhíluchtú tríd an 3ú leictreoid atá mórthimpeall an fheadán splaince is a spreagtar ag tadhaill i gcomhla an cheamara. Is amhlaidh a ianaíonn an ghníomhaíocht seo an xéanón sa bhfeadán, á ullmhú ina sheoltóir don phríomhsplanc. Maireann an splanc 0.001 soicind (1/1000 s) de ghnáth. Athraítear an t-aschur solais don nochtadh go leanúnach uathoibríoch le monatóiriú an tsolais le fótaichill agus fad na splaince a athrú le feiste tíreastóra síos go dtí timpeall 0.00002 soicind.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Splanc leictreonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 619.