Staonadh ó ghnéas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gána, 2005
Clár ar an stáisiún Rúiseach RT 2012, ag cur síol an amhrais

Is éard atá i gceist le staonadh ó ghnéas ná rogha phearsanta gan páirt a ghlacadh i ngníomhartha gnéasacha (caidrimh collaí agus b'fhéidir glacaireacht, muirniú, gnéas béil, treáiteach srl chomh maith). Uaireanta, cuirtear béim ar staonadh ó ghnéas ar go leor cúiseanna, agus is iad cúrsaí sláinte agus reiligiúin is minice a bhíonn i gceist.

Sna Stáit Aontaithe go háirithe, tá nós ann le fada iallach a chur ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta. Bunaithe ar léamh áirithe ar an mBíobla, tá gealltanas staonadh ó ghnéas roimh phósadh mar airteagal lárnach de chuid na Críostaíochta le fada.[1][2] Mar shampla, nuair a bhí George W Bush ina ghobharnóir ar Texas sna 1990idí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas.

Is feachtas idirnáisiúnta é True Love Waits,[3] a tosaíodh in 1993 agus a bhfuil Life Way Christian Resources[4] mar urra aige, agus tá sé mar chuspóir ag an bhfeachtas cur ina luí ar dhéagóirí agus ar mhic léinn ollscoile gan gnéas a bheith acu go bpósann siad. Iarrtar ar dhaoine óga cártaí cúnaint a shíniú chun a ndílseacht don smaoineamh a chur in iúl.[5] Caitheann na rannpháirtithe fáinne ar an gceathrú méar ar an lámh chlé le léiriú go bhfuil siad meáite ar an ngealltanas a choinneáil.[6]

I gcás True Love Waits, tagraíonn “staonadh ó ghnéas” do réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha. Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná “diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach”; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad. Comhairlítear do dhaoine óga ar an suíomh gréasáin gan a bheith le chéile ina n-aonar, gan luí síos ar tholg ná ar leaba, agus gan sealanna fada a chaitheamh ag pógadh a chéile.[1]

Molann Ioslam staonadh ó ghnéas chomh maith.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mary Beth Taylor (EAGRÁN 35 · MÁRTA 2004). "An t-oideachas cuimsitheach gnéasachta faoi ionsaí i Meiriceá (Cuid 1)" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-06.
  2. Alex Hijmans (6 Nollaig 2023). "TUARASCÁIL ÓN mBRASAÍL: B’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis i lár an aonaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-07.
  3. "True Love Waits | Authentic Love | Lifeway" (en). www.lifeway.com. Dáta rochtana: 2023-12-19.
  4. "Shop Christian Bible Studies, Books, & Bibles | Lifeway" (default). www.lifeway.com. Dáta rochtana: 2023-12-19.
  5. Seo iad na focail atá le fáil ar na cártaí: “Believing that true love waits, I make a commitment to God, myself, my family, my friends, my future mate, and my future children to be sexually abstinent from this day until the day I enter a biblical marriage relationship.”
  6. 6.0 6.1 "Purity ring" (as en) (2023-11-28). Wikipedia. 
  7. tairseachcogg.ie (2022). "Cód morálta Ioslam". Dáta rochtana: 2023.