Stíl na Banríona Anna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bord as Boston, Massachusetts ón 18ú haois i Stíl na Banríona Anna

Ailtireacht, troscán is soithí airgid a dearadh le linn réimeas Anna i Sasana (1702-1714), comhréireanna tomhaiste go cúramach, gan maisiúchán breise. Cuireadh cruthanna fiala Barócacha is cosa téagartha snoite ar chathaoireacha, chaibinéid is troscán eile. Tháinig an stíl chéanna ar ais sa bhfaisean ag deireadh an 19ú céad nuair a tógadh fuinneoga muilleanacha, bríceadóireacht ghalánta, agus simléir ghrúpáilte mhaorga.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stíl na Banríona Anna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.