Sreabhán a thimpeallaíonn cealla na colainne is ea sreabhán eachtarcheallach (ECF i mBéarla). I nduine fástá bíonn timpeall 14 lítear de ann, agus cuimsíonn sé plasma na fola, sreabhán scáineach na bhfíochán, is sreabháin thrascheallacha. Chomh maith le huisce, is iad na príomh-chomhábhair ann ná iain sóidiam, clóiríde is décharbónáite, agus próitéiní. Thug an fiseolaí Francach Claude Bernard (1813-1878) an coincheap isteach go raibh cealla na colainne á gcosaint, ó chomhshaol seachtrach a bhí ag síorathrú is go minic naimhdeach, ag a comhshaol inmheánach féin, sreabhán de thoirt is comhdhéanamh tairiseach. Bíodh is go bhfuil a fhios againn anois go n-athraíonn an sreabhán eachtarcheallach, meastar go bhfuil an coincheap seo oiriúnach fós, ach taobh istigh de theorainneacha cúnga.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolanatamaíochta é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.