Gealán San Elmo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Spréacharnach San Elmo)

Is éard atá i gceist le gealán San Elmo[1], spréacharnach San Elmo[2]tine ghealáin[3] ná feiniméan leictreach aimsire ina gcruthaítear plasma thart ar réad talmhaithe a bhfuil réimse leictreach san aer ina thimpeall. Go bunúsach, sórt breo gorm nó vialaite é gealán San Elmo agus tá cuma na tine air. Feictear an tine seo ar struchtúir fhada bhioracha, ar nós seolchrainn bád agus sciatháin aerárthaí. Is iad an ocsaigin agus an nítrigin - an dá ghás is coitianta in atmaisféar an Domhain - is cúis le dath na spréacharnaí seo, agus iad ag oibriú cosúil leis an neon i soilse neoin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “gealán San Elmo” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-29.
  2. “spréacharnach San Elmo” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-29.
  3. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): St. Elmo's fire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-04-29.