Spota Mór Dearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-airí stoirme is mó atá ar eolas agus is fadsaolaí, meastar, in atmaisféar Iúpatair. Airí scothdhearg ubhchruthach sa leathsféar theas, timpeall 30,000 km ar leithead, a braitheadh den chéad uair 300 bliain ó shin. Rinne na ceamaraí ar an spásárthach Voyager grinnstaidéar air ar feadh cuid mhaith laethanta, agus rinneadh amach gur réigiún go hard san atmaisféar atá ann. Tá sé ag casadh go tuathal le tréimhse timpeall 6 lá. Bhraith Voyager airíonna cosúla, ach níos lú (timpeall 10,000 km ar leithead) ag domhanleithid eile, ubhchruthanna bána. Is éard atá i scamaill Iúpatair ná comhdhlúthuithe bána, agus mar sin tagann dath dearg an Spota is scamall eile ar Iúpatar as ceimiceán cosúil le sulfar is fosfar san atmaisféar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Spota Mór Dearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.