Split
Split | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Chróit | ||||
County of Croatia (en) | Contae Split-Dalmatia | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 160,577 (2021) | ||||
• Dlús | 2,022.38 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 79.4 km² | ||||
Airde | 0 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Spalatum (en) | ||||
Éarlamh | Saint Domnius | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Split | Ivica Puljak | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 21000 | ||||
Glaochód | 021 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | split.hr |
Is í Split an chathair is mó sa Dalmáit, an dara cathair is mó sa Chróit. Suite ar an Muir Aidriad dhrithleach, "tá beocht gheal bhríomhar i bhféitheacha na cathrach seo".[1]
De réir daonáireamh 2011 bhí daonra 178,192 ann. Tá sí mar an dara port is mó sa tír agus an tríú is mó ar an Meánmhuir. Is í lárionad riaracháin Chontae Split-na Dalmáite (Splitsko-dalmatinska županija).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creidtear go raibh an grúpa ársa Aspalathos/Spalatos (ón nGréigis) ina chónaí san áit a bhfuil mar lár na cathrach sa lá atá inniu ann. Tagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise, aspalathos (ασπάλαθος), angiolcach shléibhe a fhásann san áit go réidh.[2]
Sa mheánaois tugadh Spalatum ar an gcathair, agus is é Spalato leagan Iodáilis. Split is ea an t-ainm Cróitis agus i rith an 19ú haois tugadh Spljet uirthi.
Suíomhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Pálás Diocletian, nó iar-phálás Dióicléitiánais, a sheasann i gcroílár na cathrach, ollstruchtúr Rómhánach atá athraithe ó bhonn le bheith mar chroí an tsaoil laethúil inniu. Tógadh é sa 4ú haois. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é (de chuid UNESCO, agus ón mbliain 1979). Is croí an pháláis é an Peristyle, cearnóg mhaorga crioslaithe le colúin Chorantacha.[1]
Cúpla céim thar seanteach Sigmund Freud, síneann promanáid Riva feadh an Aidriadaigh lena pailmeacha coimhthíocha agus a siopaí. Ceantar sóisialta na cathrach é Riva, áit a gcruinníonn daoine áitiúla le chéile gach lá chun a scíth a ligean le caife láidir dubh.[1]
Tá ceanncheathrú Cabhlach na Cróite súite ar an taobh ó dheas den leithinis i bport Lora.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Mark Moran (2024-11-06). "Split - agus téigh chun na Cróite" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ Ach de réir Toma Arhiđakon, tagann ainm na cathrach ón bhfocal Laidinis "Pálás Dhióicléitiánais (palatium = S-palatium).