Jump to content

Split

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSplit

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 43° 31′ N, 16° 26′ E / 43.51°N,16.44°E / 43.51; 16.44
Stát ceannasachan Chróit
Administrative territorial entity of Croatia (en) AistrighAdriatic Croatia (en) Aistrigh
Contae den ChróitContae Split-Dalmatia Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán160,577 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,022.38 hab./km²
Teanga oifigiúilan Chróitis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla79.4 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síSpalatum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÉarlamhSaint Domnius Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Split Cuir in eagar ar WikidataTomislav Šuta (2025–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist21000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód021 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsplit.hr Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: 21000Split Instagram: gradsplit_st TikTok: grad_split Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Split an chathair is mó sa Dalmáit, an dara cathair is mó sa Chróit. Suite ar an Muir Aidriad dhrithleach, "tá beocht gheal bhríomhar i bhféitheacha na cathrach seo".[1]

De réir daonáireamh 2011 bhí daonra 178,192 ann. Tá sí mar an dara port is mó sa tír agus an tríú is mó ar an Meánmhuir. Is í lárionad riaracháin Chontae Split-na Dalmáite (Splitsko-dalmatinska županija).

Seasann pálás i gcroílár na cathrach

Creidtear go raibh an grúpa ársa Aspalathos/Spalatos (ón nGréigis) ina chónaí san áit a bhfuil mar lár na cathrach sa lá atá inniu ann. Tagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise, aspalathos (ασπάλαθος), angiolcach shléibhe a fhásann san áit go réidh.[2]

Sa mheánaois tugadh Spalatum ar an gcathair, agus is é Spalato leagan Iodáilis. Split is ea an t-ainm Cróitis agus i rith an 19ú haois tugadh Spljet uirthi.

Is é Pálás Diocletian, nó iar-phálás Dióicléitiánais, a sheasann i gcroílár na cathrach, ollstruchtúr Rómhánach atá athraithe ó bhonn le bheith mar chroí an tsaoil laethúil inniu. Tógadh é sa 4ú haois. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é (de chuid UNESCO, agus ón mbliain 1979). Is croí an pháláis é an Peristyle, cearnóg mhaorga crioslaithe le colúin Chorantacha.[1]

Cúpla céim thar seanteach Sigmund Freud, síneann promanáid Riva feadh an Aidriadaigh lena pailmeacha coimhthíocha agus a siopaí. Ceantar sóisialta na cathrach é Riva, áit a gcruinníonn daoine áitiúla le chéile gach lá chun a scíth a ligean le caife láidir dubh.[1]

Tá ceanncheathrú Cabhlach na Cróite súite ar an taobh ó dheas den leithinis i bport Lora.

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Mark Moran (2024-11-06). "Split - agus téigh chun na Cróite" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-11-09.
  2. Ach de réir Toma Arhiđakon, tagann ainm na cathrach ón bhfocal Laidinis "Pálás Dhióicléitiánais (palatium = S-palatium).