An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Cainneach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 25: Líne 25:
[[Catagóir:Básanna i 600]]
[[Catagóir:Básanna i 600]]
[[Catagóir:Naoimh Éireannacha]]
[[Catagóir:Naoimh Éireannacha]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 527]]

Leagan ó 23:11, 11 Deireadh Fómhair 2020

Naomh Cainneach, dealbh bhrád inniu, i gCill Chainnigh

Ab agus misinéir ab ea Naomh Cainneach (nó Canice)[1] (514, 515 nó 527? - 600). Is duine de Dhá Aspal Déag na hÉireann é.

Saol

Dealbh inniu, i gCill Chainnigh

Is i gceantar Chiannachta[2] (Dún Gheimhin[3]) i gContae Dhoire a rugadh Cainneach circa 514-527.[4] Cé go raibh a muintir bocht, rinne sé staidéar faoi threoir Naomh Finnian i gCluain Ioraird agus faoi Naomh Mobhí i nGlas Naíon.

D’fhás dlúthchairdeas idir é féin agus Naomh Colm Cille. Ar  feadh tamaill d’oibrigh sé i gcomhar le Colm Cille in Albain agus bhunaigh sé roinnt eaglaisí ansin.

In Éirinn bhí  a phríomhmhainistir i nAchadh Bhó i gContae Laoise.

Fuair sé bás in Achadh Bhó i gContae Laoise sa bhliain 603.

I bhfad ina dhiaidh sin tiomnaiodh eaglais do Naomh Cainneach i gCill Chainnigh.

Ceiliúrtar a lá féile ar 11 Deireadh Fómhair.

Tagairtí

  1. nó Cainnech moccu Dalánn
  2. "Cianachta/Keenaght" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-11.
  3. "'Dún Geimhin'" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-11.
  4. "Naomh Cainneach, ab: Deireadh Fómhair 11 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-10-11.