An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Tuairisc"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 46: Líne 46:


== Naisc Sheachtracha ==
== Naisc Sheachtracha ==
* Is cuntas mion ar a shaol Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar (1988) le Máirín Nic Eoin.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.cic.ie/en/books/published-books/eoghan-tuairisc-beatha-agus-saothar-leabhair-cloite|teideal=Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar {{!}} CIC|work=www.cic.ie|dátarochtana=2019-08-24}}</ref>
* Is cuntas mion ar a shaol Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar (1988) le [[Máirín Nic Eoin]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.cic.ie/en/books/published-books/eoghan-tuairisc-beatha-agus-saothar-leabhair-cloite|teideal=Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar {{!}} CIC|work=www.cic.ie|dátarochtana=2019-08-24}}</ref>
*[http://www.ricorso.net/rx/az-data/authors/o/OTuairisc_E/life.htm "Eoghan Ó Tuairisc: Life, Works, Criticism, ... "], Ricorso.
*[http://www.ricorso.net/rx/az-data/authors/o/OTuairisc_E/life.htm "Eoghan Ó Tuairisc: Life, Works, Criticism, ... "], Ricorso.


== Tagairtí ==
== Tagairtí ==

Leagan ó 15:04, 22 Bealtaine 2020

File, drámadóir, úrscéalaí agus criticeoir nótáilte ab ea Eoghan Ó Tuairisc (Béarla: Eugene Rutterford Watters, Béal Átha na Sluaighe (3 Aibreán 1919 - 24 Lúnasa 1982).[1]

Saol

Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Ghearrbhaile i mBéal Átha na Sluaighe. Chaith sé seal sna saighdiúirí agus bhain sé amach céim i litríocht an Bhéarla i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé le múinteoireacht ansin (d'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, ó 1939 go 1945, agus bhain sé amach dioplóma san oideachas).

Bhí sé ina mhúinteoir i bhFionnghlas. Sa bhliain 1962, áfach, d'éirigh sé as an obair sin le bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, sna blianta 1962-1965.

Scríbhneoireacht

Scríobh sé lear mór ábhair, idir Bhéarla agus Ghaeilge: aistí, filíocht, drámaí agus úrscéalta.

Ba é Murder in Three Moves a chéad shaothar mór le rá. Ina dhiaidh sin foilsíodh L'Attaque (as Gaeilge) agus Week-End.

Is iad an dá úrscéal stairiúla - L'Attaque, a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus Dé Luain, ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill a cháil dó i measc lucht na Gaeilge.

Saothair

Aistriúcháin

  • John Jordan (eagarthóir), "Dialann Deoraí", in: The Pleasures of Gaelic Literature (1977).
  • Máirtín Ó Cadhain, The road to Brightcity: and other stories, Swords: Poolbeg Press, 1981.
  • Pádraic Ó Conaire, 15 Short Stories, Swords: Poolbeg Press, 1982.

Filíocht

  • Dialann sa Díseart, BÁC: Coiscéim, 1981.
  • Rogha an Fhile, dánta le haistriúcháin. 1974.
  • New Passages, 1973.
  • Dé Luain, BÁC: Allen Figgis 1966.
  • The Weekend of Dermot and Grace, BÁC: Allen Figgis & Son, 1964; arís in "Eugene Watters Special Issue" Poetry Ireland Review 13 (1985)@.
  • Lux Aeterna, including Hiroshima Mass, BÁC: Allen Figgis, 1964.

Drámaíocht

  • Fornocht do Chonac, BÁC: Foilseacháin an Rialtais, 1981.
  • Lá Fhéile Michíl, BÁC: Clódhanna Teo., 1967.

Aistí

  • Religio Poetae agus Aistí Eile, eagarthóir Máirín Nic Eoin, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1987.
  • Focus, (le Desmond Egan), 1972.

Leabhair

  • An Lomnochtán. Autobiography, BÁC & Corcaigh: Mercier, 1978.
  • [The Story of a] Hedgeschool Master, 1975.
  • L’Attaque, BÁC: Allen Figgis, 1962.
  • Murder in Three Moves, 1960.

Eile

  • "Christian names", in Encyclopaedia of Ireland, BÁC: Figgis 1968, 119-21.
  • "Infinite Variety - Dan Lowrey's Music Hall 1879-97" (Eugene Watters & Matthew Murtagh)Gill&Macmillan 1975

Naisc Sheachtracha

Tagairtí

  1. "Ó TUAIRISC, Eoghan (1919–1982)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-08-24.
  2. "Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2019-08-24.