Máirín Nic Eoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirín Nic Eoin
Beathaisnéis
Breith1958
65/66 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn Ghaeilge agus Litríocht na hÉireann
Gairmteangeolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scoláire liteartha Éireannach is ea an tOllamh Máirín Nic Eoin a bhfuil spéis ar leith aici i gcúrsaí critice agus i ngné na staire agus na socheolaíochta de léann na litríochta.

Tá taighde bunúil déanta aici ar ionad na mban i dtraidisiún liteartha na Gaeilge agus tá leabhair agus aistí critice foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge.[1]

Is iad na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid go dtí seo ná: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982), Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988), An Ghaeilge i gCill Chainnigh (Comhar na Múinteoirí Gaeilge, 1993), B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998), a bhuaigh Duais Liteartha an Irish Times sa bhliain 1999, agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005).

Bhí sí ina comheagarthóir, le hAisling Ní Dhonnchadha, ar an leabhar Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce (Cló Iar-Chonnacht, 2008, 2015) agus bhí sí ina comheagarthóir, le Ríona Nic Congáil, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin agus Regina Uí Chollatáin, ar na himleabhair Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain I: Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan (LeabhairCOMHAR, 2015) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain II: Critic, Cultúr agus Comhthéacs Comhaimseartha (LeabhairCOMHAR, 2015). Tá sí ina comheagarthóir ar an ríomhiris phiarmheasta COMHARTaighde. Tá sí ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann.[2][3]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Litríocht Réigiúnach, An Clóchomhar, 1982.
  • Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar, An Clóchomhar, 1988.
  • An Ghaeilge i gCill Chainnigh, Comhar naMúinteoirí Gaeilge, 1993.
  • B’Ait LeoBean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge, An Clóchomhar, 1998
  • Ar an gCoigríoch, Cló Iar-Chonnacht
  • Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga: Múineadh agus Foghlaim na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal(le Ríona Ní Fhrighil), Cois Life, 2009.
  • Gaolta Gairide, Cois Life, 2010,
  • Trén bhFearann Breac, Cois Life, 2013

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Máirín Nic Eoin | Fiontar & Scoil na Gaeilge" (en). Dublin City University (2016-11-16). Dáta rochtana: 2022-07-28.
  2. "Prof Máirín Nic Eoin enrolled as member of RIA | News at DCU" (en). Dublin City University (2016-01-06). Dáta rochtana: 2022-07-28.
  3. "Máirín Nic Eoin" (en). Royal Irish Academy (2016-03-30). Dáta rochtana: 2022-07-28.

Naisc sheachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing le Máirín Nic Eoin