Soláthar Díreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lissywollen, Ath Luain, 2013
"An Páirtí Náisiúnta"ː bolscaireacht sa bhliain 2018

Cuimsítear le "soláthar díreach" in Éirinn soláthar cóiríochta agus bia mar aon le liúntas seachtainiúil airgid. Meastar go bhfuil díreach os comhair leath den lucht iarrtha tearmainn ar fad in Éirinn ina gcónaí faoin soláthar díreach[1] agus ina gcónaí sna "hIonaid Soláthair Dhírigh". Íocann an rialtas comhlachtaí príobháideacha as aire a thabhairt dos na hiarrthóirí tearmainn.[2]

Is é an Gníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha (Reception and Integration Agency nó RIA) atá freagrach as dídeanaithe agus as daoine a lorgaíonn tearmann nuair a thagann siad isteach.[3] Bhí 4,696 dhuine ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh ag deireadh mhí na Nollag 2015.

Dálaí maireachtála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn na hiarrthóirí tearmainn sa mhullach ar a chéile go minic, le clann amháin i ngach seomra nó suas le ochtar sa tseomra céanna i gcás daoine singil. Níl cead acu a gcuid bia féin a ullamhú; caithfidh siad an bia a thugtar dóibh a ithe.[4][5] Bhí Tá imní léirithe ag an Ombudsman in 2020 faoi chomh mífheiliúnach agus atá cúrsaí cóiríochta in ionaid soláthar.[6][7]

Go háirithe, tá srianta ar an obair gur féidir leo a dhéanamh agus ar na deiseanna oideachais atá ar fáil dóibh.

Fadhbanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na dálaí maireachtála go hainnis; ní fadhb a bheadh ann b'fhéidir murach go leanann "Soláthar Díreach" ar aghaidh ar feadh tréimhse ró-fhada.  Caitheann daoine dhá bhliain ins na h-óstáin seo ar an meán. Ach tá daoine áirithe a fhanann ann suas le dhá bhliain déag. Ní féidir leo aon dul chun cinn a dhéanamh ina saol le linn an tréimhse sin, rud a chiallaíonn go dtagann ísle brí ar an-chuid acu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Socrú sealadach a bhí i Soláthar Díreach, a bunaíodh sna blianta 1999/2000.[8] Bunaíodh an córas ar dtús mar réiteach gearr-théarmach.[9][10][11]

Ag deireadh mhí Feabhra 2021, d'fhógair Rialtas na hÉireann plean deireadh a chur le soláthar díreach faoi 2024.[12]

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Pollach. I mí na Samhna 2019, bhí sé i gceist lóistín sealadach a chur ar fáil in Óstán Cheann Acla do thrí bhean déag ón iasacht atá ag lorg tearmainn chosanta sa tír seo. Ach d'fhógair an Roinn Dlí agus Cirt nach rachfar chun cinn le plean i bhfianaise na hagóide ina aghaidh.[13] Dúirt gníomhaithe in Acaill go raibh daoine an-díomách nach mbeadh imircigh ag teacht chun an oileáin mar a bhí beartaithe. Dúirt an t-ardeaspag go bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain ar mhuintir Acla mar dhream soicheallach agus go bhfuil fáilte curtha acu roimh dhaoine ón iasacht san am atá caite.[14]
  • I lár mí Márta 2020, bogadh 100 iarrthóir tearmainn ó Bhaile Átha Cliaith, áit a raibh Covid go tréan, go óstán i gCathair Saidhbhín i gCiarraí, áit nach raibh. Labhair muintir an bhaile amach ina coinne seo mar chreideadar "nach raibh an t-óstán oiriúnach" dóibh.  Ach ansin deimhníodh an chéad cás Covid san óstán i gCiarraí i lár mí Aibreáin agus tháinig 20 cás eile sna sála ar sin. Ní raibh éinne in ann féin-aonarú a dhéanamh agus bhraith na hiarrthóirí tearmainn go rabhadar i mbaol. Chuaigh roinnt eile ar stailc ocrais go dtí gur ghéill an rialtas agus fuaireadh lóistín níos oiriúnaí dóibh.[15]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. audit.gov.ie. "Soláthar agus Bainistiú Conarthaí le haghaidh Soláthar Díreach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-11. Dáta rochtana: 2020.
  2. Sharon Ni Chonchuir. "Cuireann an víreas corónach iachall orainn súil ghéar a chaitheamh ar fhadhbanna ár sochaí". The Irish Post. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  3. Reception and Integration Agency (RIA) Ireland. "Home" (en). www.ria.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  4. Cónal Thomas. "'It's like someone is watching my every move': Children in Direct Provision face lack of privacy, discrimination" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  5. Press Association. "Student living in Direct Provision says jail would be 'better than being here'" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  6. Nuacht RTÉ (2020-04-23). ""An iomarca daoine i seomra amháin in ionaid soláthar díreach"" (as ga). 
  7. Lisa Nic an Bhreithimh (2020). "An Soláthar Díreach agus paindéim an Choróinvíris - an méid a tháinig chun solais < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  8. Liam Thornton (2015-04-06). "#directprovision15 : 15 Years of Direct Provision in Ireland – A Timeline" (en-GB). Liam Thornton. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  9. Méabh Ní Thuathaláin agus Jennifer DeWan (2015). "Bíodh súil againn ar an stair Comhairle NASC faoi chás na dteifeach" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  10. Sorcha Pollak, Mark Hilliard. "Direct provision: The controversial system turns 20" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  11. The Perspectives of Asylum Seekers. "Nasc - The Irish Emigrant Support Centre (educatetogether.ie)". Dáta rochtana: 2020.
  12. Cónal Thomas (26 Feabhra 2021). "State plans to end Direct Provision by 2024 and replace system with not-for-profit accommodation". TheJournal.ie. Dáta rochtana: 16 Aibreán 2021.
  13. "Díomá ar ghrúpa in Acaill nach bhfuil teifigh ag teacht" (as ga) (2019-11-01). 
  14. ""Daoine fáilteacha iad muintir Acla" - Ardeaspag Thuama" (as ga) (2019-11-04). 
  15. AIDA - Asylum Information Database (2020). "Country Report: Ireland". Dáta rochtana: 2020.