Slinn
Appearance
Carraig mhínghráinneach mheiteamorfach ar féidir a scoilteadh go foirfe mar go bhfuil ailíniú comhthreomhar ag na criostail míoca inti. Is toradh ar strus dírithe é seo le linn meiteamorfú áitiúil ísealghráid an scealla nó na láibchloiche. Úsáidtear i gcomhair díonta í agus í scoilte i leatháin thanaí, agus is buanseasmhach éadrom í. Tá foinsí i gContae an Chláir agus an Bhreatain Bheag.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Slinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 606.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |