Sisteasóimiáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cúis choiteann galair i dtíortha trópaiceacha, mar thoradh ar inmhíolú le ceann de 3 ghné den phúchán schistosoma. Treánn na púcháin an craiceann nuair a fholcann an duine in uisce truaillithe. Agus an púchán taobh istigh den cholainn, scaipeann siad in imshruthú na fola, ag cur tús le galair sna scamhóga, an t-ae, an inchinn, is na duáin. I measc na dtorthaí cliniciúla bíonn niúmóine, cliseadh an ae, taomanna, agus coma. Beireann na púcháin uibheacha sna duáin agus feartar iad sa bhfual. Gorann siad san uisce, agus fásann na larbhaí taobh istigh de sheilidí. Déantar líon na seilidí a laghdú chun an galar a smachtú.