Siondróm an tolláin charpaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtSiondróm an tolláin charpaigh
RSI-symptoms.jpg
Aitheantóirí
MeSHD002349
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/carpal-tunnel-syndrome
Téarmaíocht anatamaíoch


Laige san ordóg is an lámh, le heanglach nó griofadach san ordóg is na méara cóngaracha é Siondróm an tolláin charpaigh. Tarlaíonn sé mar thoradh ar chomhbhrú ar an néaróg mheánach a thugann seirbhís don chraiceann sa réigiún sin is í ag dul trí chrios fíochán a ghabhann mórthimpeall an rosta (an tollán carpach). Is dolúbtha an tollán carpach, agus cuireann sé brú ar an néaróg mheánach má atann fíocháin istigh ann. Is féidir go dtarlóidh a leithéid le húsáid athchleachtach an rosta i gclóscríobh, tiomáint gluaisteáin is spóirt áirithe, agus bíonn baint aige le riochtaí áirithe cosúil le toircheas, an sos míostraithe, airtríteas réamatóideach, diaibéiteas is hipirtheannas. Is sampla é de ghortú athstraidhneála, cosúil le huillinn leadóige. Is féidir go maolófar ar na siomptóim trí scíth a ghlacadh nó cléithín ar an rosta, ach uaireanta is gá obráid ar an rosta chun an brú ar an néaróg a scaoileadh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]