Seosamh Ó Cadhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Ó Cadhain
Beathaisnéis
Breith21 Aibreán 1914
Bás31 Márta 1966
51 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínMáirtín Ó Cadhain

Duine de dheartháireacha Mháirtín Uí Chadhain ba ea Seosamh Ó Cadhain (Joe uaireanta) a rugadh ar 21 Aibreán 1914. Fuair sé scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhí sé ina ardrúnaí ag an bhFáinne, mar a bhí a dheartháir Máirtín chomh maith, ar feadh i bhfad sular ceapadh é ar fhoireann Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais. Chaith sé tamall freisin ina eagarthóir cúnta ar fhoclóir Béarla-Gaeilge Thomáis de Bhaldraithe. Bhíodh sé páirteach mar bhall painéil sa chlár raidió ‘Fadhbanna Gaeilge’. Bhí sé pósta ar Cháit Bhreathnach ón Droim i Leitir Móir agus bhí naonúr gasúr acu. Ní raibh aon choinne lena bhás ar an 31 Márta, sa bhliain 1966. I bhFionnradharc, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air ag an am.

Scríobh Seán Ó Conghaile, Cnoc na hAille, cuntas ina thaobh in Ar Aghaidh, Bealtaine 1966.

Ba hé Joe Cadhan é ag muintir Chois Fhairrge. An fear lách, séimh, nádúrach, carthanach sin. Bhí ómós agus onóir le fáil aige i gcónaí ó mhuintir a cheantair fhéin chuile áit ó chathair na Gaillimhe go Tor Cheann Gólaim i Leitir Mealláin.