Sebastiano Serlio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Liosta Serlio de na Cúig Ord Ailtireachta.

Ailtire Iodálach Gothaíoch ba ea Sebastiano Serlio (6 Meán Fómhair 1475 - c. 1554) agus é ina dhuine den mheitheal Iodálach a bhí ag tógáil Phálás Fontainebleau. Chuidigh sé leis an ord clasaiceach ailtireachta a chinntiú i dtráchtas clúiteach dar theideal I sette libri dell'architettura ("Seacht Leabhar na hAiltireachta") nó Tutte l'opere d'architettura et prospetiva ("Na Saothair Uile faoi Ailtireacht agus faoi Pheirspictíocht").

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Serlio in Bologna agus bhain sé an Róimh amach i 1514. D’oibrigh sé i saotharlann Baldassare Peruzzi, mar a raibh sé go dtí gur chuir Creach na Róimhe (1527) gach tionscadal ailtireachta ar fionraí ar feadh tamaill. Chuaigh sé i mbun ceirde mar phéintéir ar dtús. Bhí sé ina chónaí sa Veinéis ó thimpeall 1527 go dtí an chéad chuid de na 1540í agus is beag rian a d’fhág sé ann.

Bhuanaigh samhail Serlio d’éadan eaglaise i 1537 cruth eaglasta a mhair anuas go dtí 18ú haois.

Is éard a bhí i samhail Serlio d’éadan eaglaise leagan eagraithe clasaiceach den bhealach nua a bhí ann chun éadan a chur ar eaglais a raibh corp ard aige agus boghta air, agus taobhranna ísle aige. B’ionann seo agus éadan clasaiceach a chur ar fhoirm Ghotach, mar a rinne Alberti le Santa Maria Novella i bhFlórans (c. 1458). Smaoineamh é a bhí á phlé go forleathan sna 1530s agus é le haithint ar chló roinnt eaglaisí, ach d’fhág greanadh adhmaid Serlio i lámh gach ailtire é.

Mar innealtóir sibhialta dhearadh sé daingin.

Ba iad foilseacháin Serlio a tharraing aird François I na Fraince air. Iarradh air teacht chun na Fraince chun comhairle a thabhairt i dtaobh thógáil agus mhaisiú Phálás Fontainebleau. Ghlac sé le roinnt coimisiún príobháideach, cé nach maireann díobh i bhfoirm inaitheanta ach an Château d'Ancy-le-Franc, a tógadh i 1546 in aice le Tonnerre sa Bhurgúin.

Fuair Serlio bás timpeall 1554 in Fontainebleau tar éis dó blianta deireanacha a shaoil a chaitheamh in Lyon.

Tráchtas ailtireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é tráchtas praiticiúil Serlio ar an ailtireacht is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine. Cé gur scríobh Leon Battista Alberti an chéad tráchtas fada ar an ailtireacht san Athbheochan (c. 1450, foilsithe i 1486),[1] bhí sé i Laidin agus gan léaráidí. Scríobhadh é le hintinn daonnachtaithe léannta agus pátrúin a mhealladh chomh maith le hailtirí agus tógálaithe. Is amhlaidh gurbh é Serlio an chéad duine a bhain tairbhe as léaráidí maithe chun an téacs a shoiléiriú. Scríobh sé in Iodáilis agus d’fhoilsigh sé cuid leabhar le téacsanna comhthreomhara in Iodáilis agus i bhFraincis. Bhí a thráchtas le léamh ag ailtirí, ag tógálaithe agus ag ceardaithe.

I réamhrá Leabhar IV deir Serlio gur cheart na rudaí fiúntacha atá ann a chur i leith Baldazzare Peruzzi.

Di tutto quello, che trovarete in questo libro che vi piaccia, non darete già laude a me: ma si bene al precettor mio, Baldassar Peruzzi di Siena: il qual fu non solo dottissimo in quest’arte, e per teorica, e per pratica: ma fu ancor cortese, e liberale assai…[2]
(Ná mol mise as an méid a thaitníonn leat sa leabhar seo: ach mol mo chomhairleoir, Baldassare Peruzzi ó Siena, mar ní amháin go raibh sé an-oilte ar an ealaín seo ó thaobh na teoirice agus an chleachta araon, ach bhí sé múinte agus leathan-aigeantach chomh maith…)

Bhí Peruzzi chun tosaigh i mionstaidéar ar iarsmaí clasaiceacha, agus d’fhág sé a chuid dearaí ag Serlio. Ní fios, áfach, cén tionchar a bhí ag Peruzzi ar an saothar.[3]


Plean agus foilsiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

4 1537 An Veinéis delle maniere de’ cinque ordini (“faoi na cúige chineál foirgneamh”)
3 1540 An Veinéis gl’edificii Antichi di Roma, e molti d’Italia (“foirgnimh ársa na Róimhe agus mórán eile san Iodáil”)
1 2 1545 Páras d’Architettura/di prospettiva (“faoin ailtireacht”/”faoin bpeirspictíocht”)
5 1547 Páras di diverse formi di Tempii sacri (“faoi chineálacha éagsúla teampall naofa”)
X 1551 Lyon cinquante porte (“caoga doras”)[4]
7 1575 Frankfurt molti nobili edificii, tanto publici, come privati; e varie accidenti, che possono occorrere nello edificere (“mórán foirgneamh galánta idir phoiblí agus phríobháideach; agus fadhbanna a d’fhéadfadh titim amach i rith tógála”)
6 1966 Milano Áitribh (foilseachán iarbháis; macasamhail lámhscríbhinne)
Y 1994 Milano Faoi chuntas Phoilibias ar Leagan Amach Campa
Seo ord foilsithe na leabhar le hais ord uimhreach Serlio.[5]

Faoi 1537, nuair a foilsíodh an chéad leabhar, bhí Serlio ag obair ar an tráchtas le deich mbliana ar a laghad agus bhí seacht leabhar déanta de aige. Níor foilsíodh i rith a shaoil ach na chéad chúig leabhar. D’fhan an séú ceann ina lámhscríbhinn go dtí an fichiú haois.[6] Scríobh sé dhá leabhar eile ar féidir iad a lua mar aguisíní: Leabhar na nDoirse, an leabhar deireanach a chuir sé i gcló, agus Faoi chuntas Phoilibias ar Leagan Amach Campa, cur síos ar leagan amach campaí Rómhánacha nach cinnte ar críochnaíodh é ná cén bhaint atá aige leis na leabhair eile.

Ní fios cén teideal ba mhian le Serlio a thabhairt don saothar - D’Architettura (“faoin Ailtireacht”), b’fhéidir, cé gur ghearr gur tugadh don chéad leabhar é.[7] Thugtaí na Cúig nó na Seacht Leabhar Ailtireachta ar bhailiúcháin dhifriúla, de réir an ábhair. Tugtar an teideal Tutte l'opere d'architettura et prospetiva do roinnt eagrán tábhachtach, cé nár foilsíodh na naoi leabhar (nó fiú na seacht leabhar) mar eagrán amháin nó gur tháinig aistriúchán Béarla dhá imleabhar amach idir 1996 agus 2001 [8]

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir uimhreacha, gluaiseann na leabhair ar aghaidh ó ábhar ginearálta go dtí sainábhar. 1: An bharrshamhail Eoiclidéach le sainmhínithe céimseatan na bpointí, na línte agus na bplánaí foirfe. 2: Bunfhoirmeacha tríthoiseacha an nádúir de réir theoiric na peirspictíochta. 3: Foirm fhoirfe na hailtireachta de réir an Phaintéoin agus fhoirgnimh “idéalaithe” an tseansaoil. 4: Rialacha na nOrd ón stíl Thuscánach go dtí na comhoird, mar atá siad le feiceáil i bhfothracha agus i dtéacs Vitruvius, agus fónamh uilíoch na nOrd chun doirse, tinteáin agus éadain pháláis a dhéanamh. 5: Úsáid na nOrd i dteampaill a chum Serlio féin. 6: Úsáid na nOrd i ndearadh tithe (de réir oird ó bhothán go pálás). 7: Fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ag ailtire. [9] I ndeireadh an dara leabhar, "Di Prospettiva", tá trí radharc amharclannacha (coiméideach, tragóideach, aorach), in éineacht le plean stáitse agus trasghearradh a raibh tionchar mór acu ar amharclannaíocht na hAthbheochana.

Ó thaobh na haeistéitice de, tá Serio ar na chéad daoine a bhain feidhm as an abairt “belli arte” (“mínealaíona”). [10]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh saothar Serlio go mór i bhfeidhm ar dhaoine sa Fhrainc, san Ísiltír agus i Sasana agus é ag cur stíl na hAthbheochana Iodálaí in iúl, agus ba ghearr go raibh sé ar fáil ina lán teangacha. Sholáthair a chuid pleananna d’fhoirgnimh Rómhánacha íomhánna úsáideacha a chuirtí i gcló go minic.

I gceann cúig bliana rinne an scoláire Pléimeannach Pieter Coecke van Aelst leaganacha neamhúdaraithe de Leabhar IV i bPléimeannais, i nGearmáinis agus i bhFraincis in Antuairp; ba dhóigh le Serlio nach raibh iontu ach leaganacha suaracha falsa, ach leathnaigh siad tionchar a shaothair.[11] Chuir dalta Coecke van Aelst, an t-ailtire agus innealtóir Ollannach Hans Vredeman de Vries , maisiú Serlio in iúl lastuaidh de na hAlpa. Bunaíodh aistriúchán Béarla Leabhair I-V a d’fhoilsigh Robert Peake I Londain i 1611 ar leagan Ollainnise a foilsíodh in Amstardam I 1606 agus é bunaithe, mórán, ar aistriúchán Coecke van Aelst. Cé nach raibh san aistriúchán Béarla ach leagan de leaganacha eile ba é an t-eagrán Béarla ba chuimsithí de Serlio é ar feadh beagnach ceithre chéad bliain. Sheas sé in aghaidh ghreanadóireachtaí Ghothaíochas Antuairp, na rudaí ba mhó a spreag ailtireacht Sheaicibíteach.[12]

D’fhoilsigh Juan de Ayala Leabhair III & IV i Spáinnis i 1552 in Toledo leis na bunléaráidí.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alberti 1988, p.xvi,xviii
  2. L’Auttore ai Lettori, Libro IV, Tutte l'opere d'architettura et prospetiva
  3. Allardyce Nicoll: "Sebastiano Serlio, 1475-1554" in Hewitt 1958, lch 19.
  4. Chuir Serlio roimhe seacht leabhar a scríobh ach d’fhan leabhar 6 ina lámhscríbhinn, agus uaireanta tugtar "Book VI" air seo go mícheart, más de réir loighice é.
  5. Hart & Hicks 1996, lch xxv
  6. Tá lámhscríbhinn de Leabhar VI san Avery Architectural Library, Columbia University. Tá lámhscríbhinn eile de Leabhar VI agus lámhscríbhinn de " Faoi chuntas Phoilibias ar Leagan Amach Campa" (a luaitear uaireanta mar "Leabhar VIII") sa Staatsbibliothek, München.
  7. Hart & Hicks 1996, lch xxxix
  8. Hart & Hicks 2001, lch liv
  9. Hart & Hicks 1996, lch xxvi
  10. Regole generali della architettura,Leabhar IV: "et ultimamente Leone X padre, et protettore di tutte le belle arti, et di tutti i buoni operatori…"
  11. Hart & Hicks 1996, lgh xxxii-xxxiii, 470.
  12. Hart & Hicks 1996, lch xxxiv.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Alberti, Leon Battista (1988) (aistrithe ag Joseph Rykwert, Neil Leach & Robert Tavernor). On the Art of Building in Ten Books. MIT Press. ISBN 0-262-01099-2
  • Hart, Vaughan & Hicks, Peter (1996). Sebastiano Serlio on Architecture, Volume One: Books I-V of Tutte L'Opere D'Architettura et Prospetiva. Yale University Press. ISBN 0-300-06286-9
  • Hart, Vaughan & Hicks, Peter (2001). Sebastiano Serlio on Architecture, Volume Two: Books VI and VII of Tutte L'Opere D'Architettura et Prospetiva, with Castrametation of the Romans and The Extraordinary Book of Doors. Yale University Press. ISBN 0-300-08503-6
  • Hewitt, Barnard (1958). The Renaissance Stage: Documents of Serlio, Sabbattini, Furttenbach. University of Miami Press. (SBN 87024-004-8)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]