Gothaíochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sa Gothaíochas ré ealaíne a fáisceadh as an Ard-Athbheochan Iodálach ó 1520 amach nó thart air sin. Mhair sé anuas go dtí timpeall 1580 san Iodáil, nuair a tháinig an stíl Bharócach ina áit, cé go raibh sé beo i dTuaisceart Eorpa anuas go dtí an 17ú haois. In Iodáilis tugtar manierismo air ó bella maniera (manièrisme i bhFraincis, Mannerism i mBéarla), ainm a thugann le tuiscint gurb iad sain-airíonna an ealaíontóra féin atá i gceist seachas aithris a dhéanamh ar an nádúr.[1]

Jacopo Pontormo, Adhlacadh, 1528; Santa Felicità, Flórans

Chloíodh ealaíontóirí na hArd-Athbheochana le barrshamhlacha comhchuí, ach bhí fonn ar an nGathaíochas iad seo a shárú.[2] Is cuid suntais é an Gothaíochas de bharr a chuid caolchúise intleachtúla agus a thréithe frithnádúrtha.[3] Is rogha leis an nGothaíochas neamhsheasmhacht agus teannas cumadóireachta seachas soiléire agus cothromaíocht ealaín na hAthbheochana.[4]

Tá sainmhíniú an Ghothaíochais agus na tréimhsí a bhaineann leis á bplé ag staraithe ealaíne go fóill. Mhol Vasari d’ealaíontóirí nua aird a thabhairt ar shaothar na mórealaíontóirí chun "bella maniera" a thabhairt leo.[5]. Tháinig míchlú ar an téarma sa 17ú agus san 18ú haois agus baint aige anois le stíl a chuaigh ar seachrán ón nádúr. Ach sa 19ú haois rinneadh athbhreithniú ar an scéal agus treise á cur anois ar áilleacht an Ghothaíochais, ar a chló nua-aoiseach agus ar é a bheith fuascailte ó na laincisí clasaiceacha.

Tús agus fás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé áitithe go raibh ealaíontóirí óga i bpráinn faoi dheireadh na hArd-Athbheochana. Ní raibh aon deacrachtaí teicniúla ná eile a bhí le réiteach. Bhí mioneolas ar anatamaíocht, ar sholas, ar ghnéithe daonna, ar an dóigh a gcuireann daoine mothúcháin in iúl le dreach agus comharthaí; bhí máistreacht ag ealaíontóirí ar dheilbhiú fíortha agus ar mhionréimniú dathanna. Ag an bpointe seo tháinig an Gothaíochas ar an bhfód. D’fhás sé idir 1510 agus 1520 i bhFlórans nó sa Róimh.[6]

Tá sé ráite gur tháinig an ré seo go nádúrtha d’ealaín Andrea del Sarto, Michelangelo agus Raphael. Bhí sainstíl ag Michelangelo a raibh an-mheas uirthi agus ar minic a rinne ealaíontóirí eile aithris uirthi. Thaitin terribilità Michelangelo, tréith a raibh uaisleacht mhaorga ag siúl léi, go mór leo. Ba é nós na linne ealaín a fhoghlaim trí aithris a dhéanamh ar shaothar máistir.

copy of lost painting that had been by Michelangelo
Cóip le Bastiano da Sangallo de Battaglia di Cascina Michelangelo, atá caillte anois.
copy of lost painting that had been by Leonardo da Vinci
Cóip le Rubens de phictiúir caillte le Leonardo da Vinci: Battaglia di Anghiari.

Gothaíochas luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid suntais iad na chéad ealaíontóirí Gothaíocha i bhFlórans, go háirithe daltaí Andrea del Sarto, Jacopo da Pontormo agus Rosso Fiorentino de bharr a gcuid foirmeacha fadaithe, staidiúirí míshocra, peirspictíochta giorraithe, suíomh díchéillí agus soilsiú drámata. Bhí Parmigianino (dalta Antonio da Correggio) agus Giulio Romano (príomhchúntóir Raphael) ag déanamh ealaín stílithe den sórt céanna sa Róimh. Tháinig na healaíontóirí seo in inmhe faoi thionchar na hArd-Athbheochana, agus tá sé ráite go bhfreagraíonn a stíl di siúd nó gur leagan áibhéalach di í. Thosaigh ealaíontóirí óga ag déanamh staidéar ar dhealbhadóireacht Heilléanaíoch agus ar shaothar seanmháistrí. Lean an tréimhse ba luaithe den Ghothaíochas go dtí timpeall 1540 or 1550.[7]

Deirtear ina lán anailísí gur tháinig an Gothaíochas ar aghaidh i dteannta roinnt imeachtaí eile: teoiric Nicolaus Copernicus faoi chóras héilealárnach na gréine, [[Creach na Róimhe (1527) agus an Reifirméisean. Dá bhrí seo mínítí fíoracha fiartha na stíle mar fhreagra d’íomhánna idéalaithe na hArd-Athbheochana.[8] Ní thaitníonn an míniú seo le scoláirí a thuilleadh, áfach.

An tArd-Ghothaíochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain na healaíontóirí Gothaíocha ba dhéanaí fónamh as deismireachtaí intleachtúla agus rímháistreacht ealaíonta agus iad ag cuimhneamh ar Michaelangelo. Tá sé maíte ag an staraí ealaíne Sydney Joseph Freedberg go raibh súil ag lucht an Ghothaíochais go dtabharfaí faoi deara an tagairt amhairc seo, tagairt a bhféadfaí úsáid mhí-oiriúnach a bhaint aisti d’aonturas.

Lean an saghas seo Gothaíochais ó 1530 go dtí 1580, a bheag nó a mhór, agus sampla de is ea saothar Agnolo Bronzino agus Giorgio Vasari. Ealaín chúirte í, tríd is tríd, agus an-aird aici ar uachtar rudaí agus ar mhionrudaí: pearsana mínchraicneacha faoi sholas cothrom séimh, gan ach an aird is lú acu ar an lucht féachana. Ealaín neamchorraithe í, gan tocht gan racht.[9]

Mórealaíontóirí an Ghothaíochais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Noicht le Michelangelo ó shíleáil an tSéipéil Shistínigh.
An tSibille Libiach ó shíleáil an tSéipéil Shistínigh.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sainmhíniú in Trésor de la langue française.
  2. Pléite in Gombrich 1995
  3. ”Mannerism: Bronzino (1503–1572) and his Contemporaries,” Metropolitan Museum of Art: http://www.metmuseum.org/toah/hd/zino/hd_zino.htm. Arna rochtain ar 19/5/2013
  4. Pléite in Gombrich, 2001
  5. Marchetti Letta, lgh 6-7
  6. Freedberg 1993, lgh 175–77.
  7. Freedberg 1993, lch175
  8. Manfred Wundram, "Mannerism," Grove Art Online. Oxford University Press, [arna rochtain ar 23 Aibreán 2008].
  9. Pléite in Shearman, 1967

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Gombrich, E.H. (2001). Art and Illusion. A Study in the Psychology of Pictorial Representation, Princeton University Press. ISBN 97-8069-107-000-1

• Marchetti Letta, Elisabetta (1994). Pontormo, Rosso Fiorentino, Scala, Firenze 1994. ISBN 88-8117-028-0

• Freedberg, Sidney J. (1993). Painting in Italy, 1500–1600, 3rd edition, New Haven and London: Yale University Press. ISBN 0-300-05586-2 (cloth) ISBN 0-300-05587-0 (pbk)

• Shearman, John (1967). Mannerism. Harmondsworth, 1967

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Grossmann F. (1965). Between Renaissance and Baroque: European Art: 1520-1600. Manchester City Art Gallery
  • Hall, Marcia B. (2001). After Raphael: Painting in Central Italy in the Sixteenth Century. Cambridge University Press. ISBN 0-521-48397-2.
  • Pinelli, Antonio (1993). La bella maniera: artisti del Cinquecento tra regola e licenza. Turin: Piccola biblioteca Einaudi. ISBN 88-06-13137-0
  • Sypher, Wylie (1955). Four Stages of Renaissance Style: Transformations in Art and Literature, 1400–1700. Garden City, N.Y.: Doubleday.
  • Würtenberger, Franzsepp (1963). Mannerism: The European Style of the Sixteenth Century. New York: Holt, Rinehart and Winston (aistrithe ó Ghearmáinis: Der Manierismus; der europäische Stil des sechzehnten Jahrhunderts. Vienna: A. Schroll, 1962).