Seán Ó hEinirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó hEinirí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Márta 1915
Cill Ghallagáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Iúil 1998
83 bliana d'aois
Cill Ghallagáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiascaire, Seanchaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Ba sheanchaí mór le rá é Seán Ó hEinirí (nó Seán Ó hInnéirghe, 26 Márta 1915 - 26 Iúil 1998).[1] John Henry a thugtaí air i mBéarla. Ba sheanchaí é, agus Cill Ghallagáin (in Iorras in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo) a áit dhúchais.[2][3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cill Ghallagáin i gContae Mhaigh Eo

Rugadh Ó hEinirí i gCill Ghallagáin i gContae Mhaigh Eo, agus b'iad Mícheál Ó hEinirí agus Máire (Connolly) a thuistí[4] nó Bríd Mhór Ní Choineóil (Conole) (de réir ainm.ie). Scéalaí iomráiteach ba ea a mháthair agus feirmeoir ba ea a athair.

Bhí sé mar aidhm aige agus é ina bhuachaill óg an méid seanscéalta agus finscéalta agus a d'fhéadfadh sé a bhailiú. Iascaire a bhí ann a bhain úsáid as curach. Bhí sé ina rámhaí oilte.

Níos déanaí, aithníodh mar sheanchaí cumasach é, ach ní ghlacadh sé páirt san Oireachtas ná in aon chomórtas scéalaíochta. Bhailigh Proinnsias de Búrca ábhar uaidh do Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935 - 1971). Ina dhiaidh sin, thaifead an Dochtúir Séamas Ó Catháin ó Roinn Béaloideas Éireann (COBÁC) ábhar uaidh ón mbliain 1975 ar feadh níos mó ná deich samhradh.

Foilsíodh cuid mhór den saothar seo i "Scéalta Chois Cladaigh" i 1983 ag Comhairle Bhéaloideas Éireann.[5][6] Chuir Ó hEinirí líon mór focail chomh maith le nathanna cainte ar fáil don fhoclóir Tomás de Bhaldraithe, a bhí á n-ionchorprú san Fhoclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh i 1959. Ina theannta sin, thug sé os cionn 800 logainm do Phatrick O'Flanagan ón gCoimisiún Béaloideas don leabhar The Living Landscapes, Kilgalligan, Erris i 1974.

Rinneadh taifead físe ar Ó hEinirí don chlár faisnéise de chuid BBC In Search of the Trojan War ar shraith 6 chlár í a craoladh sa bhliain 1985. De réir na faisnéise, bhí sé neamhliteartha. Bhí sé le clos ar thuairisc Morning Ireland a craoladh ar an 25 Iúil an bhliain sin fosta.

I 1986, bhí Ó hEinirí le feiceáil in eipeasóid den tsraith The Story of English a bhuaigh Emmy, a craoladh ar an BBC. D'fhan sé i gCill Ghallagáin, áit ar tugadh seanfhonduaire air.

D'éag sé ar an 26 Iúil 1998. D'éag a bhean, Máire, i 2001. Tá sé curtha i Reilig Chill Ghallagáin.

Cill Chomáin, Erris

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Whitney Stokes meastachán go raibh thart ar 800,000 cainteoir Gaeilge aonteangach sa bhliain 1800. Tháinig laghdú ar an uimhir seo go thart ar 320,000 ag deireadh an Ghórta Mhóir, agus go raibh níos lú ná 17,000 sa bhliain 1911. Mhair cainteoirí aonteangacha sna 1950idí, ach tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí aonteangacha sna blianta idir 1980 agus 1990. Ní raibh an Béarla ar a thoil aige agus ba chainteoir aonteangach Gaeilge é Séan.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó hÉINIRÍ, Seán (1915–1998)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-25.
  2. "Cill Ghallagáin/Kilgalligan" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-08-17.
  3. Níl aon fhoinse gurbh eisean an cainteoir aonteangach deireanach.Sna 2020idí, tá cainteoirí gan bhéarla fós ar an bhfód cé nach bhfuil mórán díobh ann. Ní fíor in aon chor gurbh é Seán 'an cainteoir aonteangach deireanach (2022-01-09). "Scéalta Chois Cladaigh - Seán Ó hEinrí, seanchaí agus an cainteoir deireanach aonteangach Gaeilge". r/gaeilge. Dáta rochtana: 2022-10-25.
  4. "Seán Ó hEinirí" (as en) (2020-08-12). Wikipedia. 
  5. YouTube. "Scéalta Chois Cladaigh / Stories of Sea and Shore - Seán Ó hEinrí / John Henry" (as ga-IE). 
  6. John Henry (1983). "Scéalta Chois Cladaigh" (as ga-IE) Google Books. Comhairle Bhéaloideas Éireann, University College.