Sceilg Mhichíl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sceilig Mhichíl)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSceilg Mhichíl
(ga) Sceilig Mhichíl Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNaomh Mícheál agus Creig Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Scealaga Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilNa Scealaga Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51°46′16″N 10°32′26″W / 51.771111111111°N 10.540555555556°W / 51.771111111111; -10.540555555556
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige218 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí0.422 (leithead) × 0.842 (fad) km
Achar0.219 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh Oidhreachta Domhanda  
CineálOidhreacht chultúrtha  → An Eoraip-Meiriceá Thuaidh
Am1996 (20ú Seisiún), Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (iii) agus (iv)
Aitheantóir757
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir61

Is oileán carraigeach é Sceilg Mhichíl[1] atá suite thart ar 15 ciliméadair amach uaidh cósta Contae Chiarraí. Is é an t-oileán is mó den dhá Sceilgeacha.[2] Chónaigh na manaigh i gcealla coirceagacha, ar a ghlaodh clocháin orthu. Is féidir le duine tuiscint a bheith acu ar cé chomh diantréanach is a bhí saol na manach nuair a bhfeiceann siad cé chomh lom is atá an mainistir.

Cuid lárnach den turasóireacht i gCiarraí Theas é an suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO seo.[3] Ghnóthaigh an t-oileán stádas mar Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO sa bhliain 1996. Is é ceann de mainistreacha na hEorpa atá níos aithnidiúla, ach ag an am gcéanna tá sé mar cheann de na mainistreacha nach bhfuil sé éasca cuairt a thabhairt air.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé mar ionad tábhachtach do manaigh Éireannacha ar feadh tréimhse 600 bliain. Tógadh mainistreach ar bharr na carraige (atá airde 230 méadair aici) nach mór, sa bhliain 588.

Ceann den dá tithe solais ar Sceilg Mhichíl

Tharla roinnt ruathar Lochlannach ar an oileán, an ceann ba fhíochmhara sa bhliain 823.

Mhair an mainistir tríothu uilig áfach, agus rinneadh forbairt mór air ag tús an dara mhílaois, nuair a tógadh séipéil nua lena linn. Is léir nach raibh líon ard daoine i riamh sa phobail a bhíodh ann. Ceaptar nach raibh níos mó ná 12 manaigh agus ab ann ag aon am amháin.

D'fhág na manaigh an Sceilg uair éigin sa 12ú haois agus bhog siad chuig an mórthír. Is go dtí an mainistreach Agaistíneach i mBaile na Sceilge a chuaigh siad.

Bhíodh turais oilithreachtaí ag dul chuige ón 16ú haois ar aghaidh, cé go raibh duine ar bith ina gcónaí ann.

Sa 19ú haois tógadh dhá teach solais uirthi agus bhí daoine ina gcónaí ann arís. Is beirt coimeádaithe tigh solais, a mhalartaigh fanacht ann bunaithe ar rota, a bhí ina chónaí ann ó sin amach. Tá an dara teach solais fós in úsáid, cé gur athtógáileadh é sna 1960idí.

D'fhág an coimeádaí sna 1980idí agus tá sé uathoibríoch anois.

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1986 rinneadh roinnt oibre athchóirithe agus bunaíodh biúró oifigiúil turasóireachta ceangailte leis an oileáin chomh maith.

Ina mílte a thagann cuairteoirí inniu, na báid á bhfágáil ag bun na carraige le dul ag dreapadh chuig áitrimh ársa na mannach ar an mullach. Téann na mílte eile timpeall na carraige sna báid turais, agus chomh mhaith leis an lonnú daonna, meallann lonnú na n-éan ar an gcarraig lucht éaneolaíóchta freisin.[3]

Sceilg Beag

Tá an mainistir caomhnaithe, mar gheall ar a iargúltacht agus an deacracht a chruthaíonn sé sin do chuairteoirí fáil chuige. Ag an am céanna, cuireadh srianta ar turasóirí, maidir le cuairt a thabhairt ar an oileáin, mar gheall ar an damáiste a bhí á dhéanamh acu. Bhí buairt áirithe ann go raibh na sean-choiscéimeamma cloiche á gcreimeadh acu. Tá roghanna éagsúla, maidir le modhanna a ligfidh do turasóirí cuairt a thabhairt ar an oileáin ach go mbeidh sé fós caomhnaithe, á thabhairt san áireamh faoi láthair.

Sa bhliain 2017, cuireadh foireann speisialaithe OPW isteach chuig an oileán le suirbhéireacht a dhéanamh ar na fánaí agus carraigeacha a bhí i gceist agus cuireadh caoi ar na láithreacha a measadh a bheith contúirteach. Dúirt an OPW nach raibh aon “mhórábhar” ann anois a bheadh ina bhagairt ar Bhóthar an Tí Solais san oileán ach go bhféadfadh go dtitfeadh mionábhar atá “an-tirim” mar gheall ar éin a bheith ag corraí ar na n-aillte.[4]

The Force Awakens

Cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh an scannánaíocht do radhairc a tharlaíonn ar ‘oileán Ahch-To’, an tearmann a d’aimsigh an ridire Jedi Luke Skywalker dó féin, ar Sceilg Mhichíl sa scannán Star Wars: The Last Jedi agus i Star Wars: The Force Awakens a tháinig amach in 2015. Ar Cheann Sibéal ar an míntír, áfach, a rinneadh formhór na scannánaíochta don scannán de bharr deacrachtaí a bhain le húsáid an oileáin.[5]

Tá leagan LEGO den oileán ar fáil ón mórchomhlacht bréagán mar chuid den tsraith nua seiteanna atá bunaithe Star Wars: The Last Jedi,[6]

Anaclann Dúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Guairdeall

Is anaclann dúlra tábhachtach é an Sceilg Mhichíl mar aon lena comharsan an Sceilg Bheag. Tá go leor speicis éagsúla d'éin mara Atlantacha ann. Ina measc bíonn an crosán, an guairdeall, an chanóg dhubh agus an chanóg bhán.

Sa bhliain 2023, bhí Sceilg Mhichíl roghnaithe le haghaidh mórstaidéir idirnáisiúnta ar athrú aeráide agus mar a théann sé i gcion ar láithreáin oidhreachta.[7]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sceilig Mhichíl uaireanta agus Carraig Scealg fiú
  2. "Skellig Michael | Heritage Ireland" (en). Skellig Michael | Heritage Ireland. Dáta rochtana: 2023-04-04.
  3. 3.0 3.1 RTÉ Nuacht (2022-07-04). "Sceilg Mhichíl le hathoscailt inniu" (as ga). 
  4. "Súil ag an OPW Sceilg Mhíchíl a oscailt arís an 14 Bealtaine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-05.
  5. "TUAIRISC SPEISIALTA: An ‘fórsa’ ag dúiseacht i gCorca Dhuibhne agus Star Wars tagtha go dtí an Ghaeltacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-05.
  6. "Leagan LEGO déanta d’oileán Gaeltachta ag an mórchomhlacht bréagán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-05.
  7. Nuacht RTÉ (2023-03-14). "Sceilg Mhichíl mar chuid de staidéar domhanda ar athrú aeráide" (as ga).