Baile an Sceilg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Baile na Sceilge)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile an Sceilg

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°49′33″N 10°16′20″W / 51.825885°N 10.272217°W / 51.825885; -10.272217
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinvisitballinskelligs.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Baile an SceilgBaile na Sceilge suite i gContae Chiarraí in Éirinn,[1] i nGaeltacht oifigiúil in Uíbh Ráthach. Tá Sceilig Mhichíl agus an Sceilg Bheag suite i ngar do Bhaile an Sceilg.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sráidbhaile cósta atá ann ar an R566 ar Leithinis Uíbh Ráthaigh. Tá forbairt tar éis a bheith bainte amach idir an dá lonnaíocht de Bhaile an Sceilg agus Dún Géagáin in aice láimhe le blianta beaga anuas ach in éifeacht is dhá lonnaíocht ar leithligh iad fós. Tá Baile an Sceilg suite seacht gciliméadar déag ó dheas ó Chathair Saidhbhín agus thart ar 15 ciliméadar siar ón gCoireán.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sráidbhaile lonnaithe laistigh de thoghcheantar Bhaile an Sceilg. Sa bhliain 2006 bhí 355 duine ina gcónaí sa toghcheantar.

An Gaelainn i Bhaile an Sceilg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil Baile an Sceilg sa Gaeltacht ní ceantar ró láidir í ó thaobh labhairt na Gaelainne. De réir daonáireamh bPoblacht na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 375 duine i mBaile an Sceilg. Dúirt 267(72.4% don daonra trí mbliana d'aois+) duine go raibh an Gaelainn acu agus dúirt 50(13.6%) duine gur úsáid siad an Gaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachas.

Feidhmeanna agus Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sráidbhaile turasóireachta atá ann go bunúsach agus tá ceantar fairsing na trá ar an ní is díol spéise is mó do thurasóirí. Tá páirc carbhán, aonad monarchan, siopa/oifig an phoist agus tigh tábhairne/bialann suite i mBaile an Sceilg.

Fothracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí prióireacht Agaistíneach agus caisleán ann, ach níl le feiceáil anois ach fothracha.[2]

Comhshaol Nádúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an lonnaíocht suite ar mhachaire cósta comhréidh ar an taobh thiar de Bhá Bhaile an Sceilg. Tá ainmniú trá Brait Ghoirm an Aontais Eorpaigh faighte ag ceantar na trá. Tá ceantar na trá mar pháirt de Bhá Bhaile an Sceilg agus Inbhear na hUíne atá ina SAC iarrthóra le mór-shuntas caomhnaithe de bharr láithreacht dhá chineál riasc goirt, atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 de Threoir Gnáthóga an Aontais Eorpaigh. Chomh maith leis sin tá daonra suntasach d’fheadóga chladaigh agus scótair sa cheantar.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.logainm.ie/?text=Baile+an+Sceilg
  2. Lord Killanin agus Michael V. Duignan: The Shell Guide to Ireland, Ebury Press, Londain 1967, leathanach 86