Scaollcheannach an bhreosla sa Bhreatain (2021)

Bhí fadhbanna le soláthar breosla, scaollcheannach an bhreosla agus scuainí ag stáisiúin peitril in áiteanna sa Bhreatain i mí Mheán Fómhair agus i i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2021. Tharla an t-éileamh mar go raibh eagla ar dhaoine nach mbeadh fáil acu ar bhreosla toisc ganntanas tiománaithe leoraí a bhí ann.[1]
Ar 27 Meán Fómhair, dúirt Cumann Miondíoltóirí Peitril na Breataine go raibh suas le dhá thrian dá chuid ball rite amach as breosla cheana féin.[2] D'fhág sé seo nach raibh cuid de na hearraí á dtabhairt chomh fada le hollmhargaí.
Bearta rialtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar dtús, dúirt Rúnaí Iompair na Breataine, nach raibh aon ghanntan breosla sa tír, agus go raibh sé de dhualgas ar thionscail an bhreosla a chuid féin a dhéanamh agus nach ceist don rialtas amháin í seo. Dúirt Aire Comhshaoil na Breataine go raibh faitíos i measc an phobail go mbuailfeadh siad le ganntan breosla, agus go raibh an ró-cheannach dá réir ar siúl.
Ansin d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh sé lena chuid dlíthe iomaíochta a chur de leataobh.

Tamall ina dhiaidh, chinn Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson cumhachtaí éigeandála a úsáid agus Arm na Breataine a thabhairt isteach leis an mbreosla a sheachadadh. D'iarr Rialtas na Breataine ar an Arm na Breataine i ndeireadh Mheán Fómhair a bheith ar aire le cúnamh a thabhairt. Ach ar 1 Deireadh Fómhair, bhí suas le 150 tancaer míleata fós ag ullmhú chun breosla a thabhairt go stáisiúin nach raibh aon ola fágtha iontu.
Ansin tugadh cead 10,000 oibrí as tíortha eile isteach go sealadach idir Deireadh Fómhair agus Nollaig féachaint leis an ngéarchéim a réiteach.[2]

Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Éirinn, dúirt Uachtarán Chónaidhm Iompróirí Bóthair na hÉireann 'Ba mhór an feall é dá gcaillfeadh an tAontas Eorpach tiománaithe, agus iad imeacht chuig an Ríocht Aontaithe, mar go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha aige sin don tír s'againne'.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2021-09-28). "Arm na Breataine ar aire agus peitreal gann thall" (as ga).
- 1 2 Nuacht RTE (2021-09-27). "Rialtas na Breataine le dlíthe iomaíochta a chur i leataobh" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-09-27). "'3,000 tiománaí breise trucail ar a laghad de dhíth'-Drennan" (as ga).