Scannal CervicalCheck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal CervicalCheck
Cineálconspóid Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2018 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
ailse cheirbheacs

Theip ar an tseirbhís CervicalCheck in Éirinn sna 2010idí sa tslí is nár tugadh le fios do mhná a raibh ailse cheirbheacs orthu go raibh atástáil déanta ar a gcéad thástálacha smearaidh. Tháinig an Scannal CervicalCheck chun solais sa bhliain 2018 de bharr cás cúirte Vicky Phelan san Ard-Chúirt.[1]

Bhí a fhios ag na mná go léir a bhí i gceist go raibh ailse orthu. Ach ní fios go baileach cé mhéad acu ar deineadh léamh míchruinn ar a gcéad tástálacha.

221 bean, nár cuireadh ar an eolas iad faoi athbhreithniú a rinneadh ar a dtorthaí tástálacha smeartha  a bhí thíos leis an gconspóid.[2] Ach bhí thart ar 1,000 bean agus a ngaolta thíos leis an gconspóid CervicalCheck.[1] I gcásanna áirithe fuarthas gur chun leas na mban a bheadh sé dá mbeadh eolas acu faoi thorthaí na dtástálacha nua níos túisce acu agus cúram a fháil acu dá réir. Bhásaigh cuid de na mná a bhí i gceist ó tháinig an chonspóid chun solais.

Fiosrúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Fiosrúchán Scally mar gheall ar an dua a chaith sí agus an misneach a léirigh sí ag tarraingt aird ar a scéal féin agus ar scéalta ban eile.[3]

Foilsíodh tuarascáil Fhiosrúchán Scally in 2018 ar ghabh an Stát léithscéal leis na mná dá barr.[4]

papalómaivíreas daonna (HPV)

Vicky Phelan[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eascair conspóid CervicalCheck as cás Ard-Chúirte a thug Vicky Phelan in aghaidh saotharlann i Meiriceá a rinne anailís ar a tástáil smeartha in 2011. Tugadh le fios sa chúirt go ndearnadh míléamh ar na torthaí sin, a thug le fios nach raibh aon chomharthaí ailse uirthi.[5]

Príomhalt: Vicky Phelan

Emma Mhic Mhathúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éag duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck, ar 7 Deireadh Fómhair 2018. Tugadh le fios di in 2013 nach raibh aon rian den ailse uirthi.[6] Ach sa bhliain 2016, fuair Emma amach go raibh ailse uirthi sa cheirbheacs.

Emma Mhic Mhathúna

Bhí bás Emma, a raibh cónaí uirthi i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, i measc mhórscéalta nuachta 2018.[7] Bhí cás na máthar óige, 37 bliain d’aois agus cúigear clainne uirthi, go mór i mbéal an phobail ó cuireadh faoi agallamh ar dtús í ar An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta.[8]

Moladh go hard í as a chróga is a labhair sí amach faoin gconspóid. Chuir Emma agus a cúigear clainne an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar Quest Diagnostics, an tsaotharlann tástála ailse sna Stáit Aontaithe a d’úsáid CervicalCheck. Mar chuid den socrú, ghlac FSS leis go raibh dliteanas orthu toisc nár chuir siad torthaí an iniúchta ar fáil do Emma agus ghlac Quest Diagnostics freagracht as míléamh a dhéanamh ar na tástálacha ailse.

Níos déanaí, thángthas ar réiteach €7.5 milliún san Ard-Chúirt sa chás a thóg Emma.[9]

Leithscéal agus cúiteamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag labhairt dó sa Dáil ar 22 Deireadh Fómhair 2019, ghabh an Taoiseach Leo Varadkar leithscéal thar ceann an stáit leis na mná ar fad a bhí buailte ag teip an chórais agus lena muintir.[1]

Bunaíodh binse fiosrúcháin, faoi Chathaoirleacht an Bhreithimh Mary Irvine, chun déileáil leis na héilimh ar chúiteamh a bhain leis an gconspóid faoi CervicalCheck.[10] Bunaíodh scéim chomh maith chun íocaíochtaí ex gratia a íoc leis na mná a bhí thíos leis an gconspóid a bhain leis na tástálacha ailse.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]