Scannán meandrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scannán grianghrafadóireachta é an scannán meandrach a dhéanann gnó na saotharlainne réalta go tapa dlúth ann féin. Tá trí fho-chuid ann: an claonchló solasíogair, faighneog ina bhfuil sreabhán alcaileach réalta, agus leathán tréshoilseach a iompraíonn na codanna eile. Le nochtadh an scannáin seo do sholas, bíonn tonnfhad dearg, tonnfhad glas is tonnfhad gorm sa solas. Tagann siad sin tríd an leathán agus imoibríonn le cisil áirithe sa chlaonchló (gach ciseal acu íogair do raon ar leith tonnfhad, is mar sin dá raon féin dathanna) chun athruithe a dhéanamh ar na hailídí airgid chriostalta iontu. Agus é nochta, cuireann an ceamara amach idir rolláin é, agus briseann brú na rollán an fhaighneog chun an sreabhán réalta a dháileadh ar fud an chlaonchló nochta. Athraíonn an sreabhán seo na criostail hailíde airgid ina n-airgead miotalach. Ag an am céanna ligeann sé líocha saor i gcisil eile sa chlaonchló, de ghnáth líocha maigeanta, ciana is buí. Ascnaíonn lí-mhóilíní i dtreo an leathán iompartha ach, mar shampla, gabhtar cuid den chian ag an airgead sna hionaid nochta sa chiseal dearg, an lí mhaigeanta sna hionaid nochta sa chiseal glas, an lí bhuí sa chiseal gorm. Tar éis cúpla nóiméad, scaoiltear aigéad ó bhun an chlaonchló: stopann sé seo an réaladh, agus déanann na líocha ar an scannán tréshoilseach. Is féidir an íomhá dhaite a fheiceáil go soiléir ansin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scannán meandrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 581.