Scéal Éideapús Rí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinScéal Éideapús Rí
Οἰδίπους Τύραννος Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarSofaicléas Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan tSean-Ghréigis Cuir in eagar ar Wikidata
Seánratraigéide Ghréagach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaAn Téibh Cuir in eagar ar Wikidata
Personatges
CarachtairÉideapús, Jocasta (en) Aistrigh, Creon (en) Aistrigh agus Tiresias (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
Céadléiriú429 "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
AmharclannTheatre of Dionysus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aitheantóir Theatricalia971 agus t1 Cuir in eagar ar Wikidata
IBDB: 6658 Cuir in eagar ar Wikidata

Scéal de chuid na miotaseolaíochta Gréigí atá in Scéal Éideapús Rí (Sean-Ghréigis: Οἰδίπους Τύραννος, Oidipous Tyrannos; Laidin: Oedipus Rex). De réir mhiotaseolaíocht na Gréige ba mhac do Laius agus Jocasta é Éideapús. Rinneadh tairngreacht go maródh an mac fear céile Jocasta agus go bpósfadh sé í. Mar iarracht ar chosc a chur leis an tairngreacht cheangail Laius rúitíní a mhic le chéile le nach bhféadfadh sé lámhacán a dhéanamh is thug sé do shearbhónta dá chuid é le go dtréigfeadh sé é ar shliabh a bhí i bhfoisceacht don teach.

Tá cineáltas sa searbhónta, áfach, agus tugann sé an leanbh d'aoire ó Chorinth agus tógann teaghlach ríoga ann é is baisteannn siad Éideapús air i ngeall ar na díobhálacha a rinneadh dá rúitíní (Tagann an focal éidéime (agus an leagan Béarla oedema) ón bhfocal Gréigise céanna d’at οἴδημα, nó oedēma.) Nuair a fhaigheann Éideapús amach go mb'fhéidir nach iad a thuismitheoirí bitheolaíocha iad a thuistí déanann sé iarracht ar theitheadh ón rud i ndán dó dar leis an tairngreacht .i. go maródh sé a athair is go bpósfadh sé a mháthair. Casann sé ar a fhíorathair i ngan fhios dó agus comhlíonann sé an tairngreacht dá dheargainneoin féin.

Roghnaíonn muintir Thebes Éideapús mar rí orthu ansin is pósann sé an bhanríon Jocasta ar baintreach anois í. Nuair a thagann an fhírinne chun solais ag deireadh an scéil is iomaí bás a chothaíonn a gcás cráite agus is é an brón atá i ndán do pháistí na beirte gaolta; Eteocles agus Polynices, is éiríonn ina raic eatarthu is maraíonn siad a chéile is cuireann Antagana lámh ina bás féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]