Sarcopterygii
Latimeria chalumnae | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Foraicme | Sarcopterygii Romer, 1955 |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is clád (go traidisiúnta aicme nó fo-aicme) iad na Sarcopterygii nó éisc liopa-eiteacha (ón Ghréigis σαρξ, feoil, agus πτερυξ, pteryx, eite) - a shamhlaítear mar théarma comhchiallach le Crossopterygii (" iasc frainse-eiteach", ón Ghréigis krossos κροσσός frainse). Sarcopterygii an lae inniu is ea na céalacaint agus na héisc scamhógacha; chomh maith, tá na teitreapóid go léir ina sarcopterygii nó gaolta leo.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn eití na n-íasc seo éagsúil ó gach iasc eile sa mhéid is go bhfuil gach ceann acu ar ghas méite, liopach, gainneach, ag síneadh ón cholainn.[1] Is fíor scálóidí iad gainní na sarcopterygii, ina mbíonn cnámh lannógach timpeallaithe ag sraitheanna de chnámh shoithíoch, cosmín cosúil le déidín, agus ceiritin sheachtrach.[2] Bíonn comhaltúcháin sna heití bhrollaigh agus pheilbheacha cosúil leo siúd i ngéaga na dteitreapód. D'fhabhraigh na heití seo ina chosa sna céad veirteabraigh talún teitreapódacha, na hamfaibiaigh. Tá acu freisin dhá eite an droma le boinn ar leith, le hais eite an droma amháin sna actinopterygii (iasc ga-eiteach). Bíonn inse san néaracráiniam primitíbheach de chuid na sarcopterygians, ach bíonn sé seo caillte sna teitreapóid agus sna héisc scamhógacha. Bíonn eireaball siméadrach agá go leor sarcopterygii luatha. Tá fiacla clúdaithe le fíor-chruan sna sarcopterygii go léir.
Tá formhór mór na n-iasc liopa-eiteach díothaithe. Tugtar Rhizodus hibberti ar an iasc líopa-eiteach ba mhó riamh ar eolas- ón Tréimhse Charbónmhar in Albain, d'fhéadfadh a bheith níos mó ná 7 méadar ar fhad. I measc an dá ghrúpa speiceas ar marthain (beo), na céalacaint agus na héisc scamhógacha, is é an speiceas is mó ná céalacant an Aigéin Indiaigh Iartharach, a bhaineann 2 m (6.5 tr) amach ar fhad agus meá suas go 110 kg. Is é an t-iasc scamhógach is mó na Protopterus na hAfraice, gur féidir leis 2 m (6.6 tr) ar fhad agus meáigh suas go dtí 50 kg a bhaint amach.[3][4]
Aicmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na tacsanomaithe a chláraíonn leis an chur chuige cládaisteach, grúpáileann siad na teitreapóid laistigh den ghrúpa, atá comhdhéanta de na speicis veirteabraigh teitreapódacha. Léiríonn eiteghéaga na n-iasc liopa-eiteach, ar nós na céalacant, cosúlacht láidir don fhoirm sinsearach a measadh roimh ré le haghaidh ghéaga na dteitreapód. Is cosúil go leanann na héisc liopa-eiteacha dhá líne éagsúla d'fhorbartha agus roinntear iad dá réir ina dhá fho-aicme, na Rhipidistia (lena n-áirítear Dipnoi, an t-iasc scamhógach, agus na Tetrapodomorpha lena n-áirítear Tetrapoda) agus na hActinistia (céalacaint).
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leanann an t-aicmiú thíos Benton 2004, agus úsáideann sí sintéis de chéim-bhunaithe tacsanomaíocht Charl von Linné agus léiríonn sí freisin caidrimh éabhlóideach. Chuir Benton an Fhoraicme Tetrapoda san áireamh san Fho-aicme Sarcopterygii d'fhonn an sliocht díreach na dtetrapoda ó éisc liopa-eiteacha a thaispeáint, in ainneoin na tacsanomaíochta níos airde a bhí tugtha do na Tetrapoda.[5]
Fo-aicme den chuid is mó d'éisc iontaiseacha liopa-eiteacha is ea na hActinistia, céalacaint. Tá an fho-aicme na céalacaint, lena n-áirítear an dá chéalacant beo, céalacant an Aigéin Indiaigh Iartharach agus céalacant na hIndinéise.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Clack, J. A. (2002) Gaining Ground. Indiana University
- ↑ Kardong, Kenneth V. (1998). Vertebrates: Comparative Anatomy, Function, Evolution, second edition, USA: McGraw-Hill, 747 pp.. ISBN 0-07-115356-X/0-697-28654-1.
- ↑ Teimpléad:FishBase family
- ↑ Protopterus aethiopicus Curtha i gcartlann 2011-08-03 ar an Wayback Machine. Fishing-worldrecords.com
- ↑ Benton, M.J. (2004). Vertebrate Paleontology. 3rd ed. Blackwell Science Ltd