Iasc scamhógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIasc scamhógach
Dipnoi Cuir in eagar ar Wikidata
Queensland Lungfish (Neoceratodus forsteri).jpg
Neoceratodus forsteri Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
Fo-aicmeDipnoi Cuir in eagar ar Wikidata

Is é atá i gceist leis na héisc scamhógacha ná grúpa iasc locha is abhann. An t-aon ionadaí d'ord na Dipnoi, a bhí flúirseach ón tréimhse Dheavónach a thosaigh 400 milliún bliain ó shin go dtí an tréimhse Threasach a chríochnaigh 2 mhilliún bliain ó shin. Níl fágtha anois ach sé speiceas díobh. Tá dís scamhóg acu faoin bputóg is iad ceangailte leis an éasafagas, mar a bhíonn i veirteabraigh arda. Na giolbhaigh an-bheag. Baill den ghrúpa san Afraic, an Astráil is Meiriceá Theas.