An Carbónmhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Carbónmhar)
Carbónmhar

Tréimhse gheolaíoch sa ré Phailéasóch, 360-280 milliún bliain ó shin is ea an Carbónmhar[1] (nó an Tréimhse Charbónmhar[2]). Bhí foraoisí forleathana ar thalamh bháite le crainn bhuaircíneacha is raithneach, a chruthaigh an chuid is mó de na acmhainní guail atá ar Domhan inniu. Tharla sceireacha coiréil is sil-leagan aolchloiche go han-fhorleathan, agus péisteanna is plandaí síoliompartha den chéad uair. Sna Stáit Aontaithe roinntear an tréimhse i bhfo-thréimhse Mhiosasaipíoch (an chéad chuid) is fo-thréimhse Pheinnsiolváiniach (an dara cuid).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “an Carbónmhar” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-02.
  2. “an Tréimhse Charbónmhar” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-02.
  3. Hussey, Matt (2011). "Carbónmhar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.