Samson (naomh)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 490 (Féilire Ghréagóra) Sir Forgannwg |
Bás | 28 Iúil 565 (Féilire Ghréagóra) 74/75 bliana d'aois Dol-de-Bretagne |
Easpag | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart |
Mac/iníon léinn de chuid | Illtud agus Dubricius |
Teangacha | Béarla |
Ardú | |
Lá féile | 18 Iúil |
Ba naomh Cornach é Samson (a rugadh c. deireadh an 5ú haois) a áirítear freisin i measc na seacht naomh bunaidh sa Bhriotáin le Peulin, Tugdual nó Tudwal, Briog, Malo, Padarn agus Kaourintin. Rugadh i ndeisceart na Breataine Bige é, agus fuair sé bás i nDol, baile beag i dtuaisceart na Briotáine
Saolréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an phríomhfhoinse dá bheathaisnéis ná an Vita Sancti Samsonis, a scríobhadh am éigin idir 610 CR agus 820 CR agus atá bunaithe gan amhras ar ábhair níos luaithe.[1] Tugtar sonraí úsáideacha ann faoi theagmhálacha idir lucht eaglaise sa Bhreatain, in Éirinn agus sa Bhriotáin.
Mac le Amon ó Dhemetia agus Anna ó Gwent ab ea Samson. mac Amon óThiarnas Dyfed agus Anna ó Thiarnas Gwent ba ea Samson. Phós deartháir a athar deirfiúr a mháthar ionas go raibh a mac Maglor ina chol ceathrar le Samson faoi dhó. De bharr tairngreachta maidir lena bhreith chuir a thuismitheoirí faoi chúram Illtud, abb Llantwit Fawr, áit ar tógadh agus ar cuireadh oideachas air.[2]
Níos déanaí, d'iarr Samson beatha dhian ní ba mhó ná mar a chuir a scoil ar fáil, agus mar sin bhog sé go dtí teach iníon Llantwit, an mhainistir ar<i>Ynys Bŷr</i> amach ó chósta Dyfed (Sir Benfro), sa Bhreatain Bheag, áit ar rinneadh abb dó tar éis bás an aba Pŷr. Staon Samson ón alcól – murab ionann agus Pyr, a maraíodh nuair a thit sé síos tobar agus é ar meisce. Mar coenobium, agus ina dhiaidh sin ina dhíthreabhach, thaistil sé ó Ynys Bŷr go hÉirinn, áit a ndeirtear gur bhunaigh sé nó gur athbheochan sé mainistir.
Tá dáta amháin áirithe taifeadta de shaol Samson; gur oirníodh an tEaspag Dubricius é ina easpag [2] ar Fhéile Chathaoir Naomh Peadar (22 Feabhra) ag tús an Charghais, agus is féidir a mheas gur tharla sin sa bhliain 521 CR. Más rud é, mar is gnách, go raibh sé 35 bliain d'aois ag an am sin, bheadh sé sa bhliain 486 a rugadh é.
Bhí Iolo Morganwg freagrach as athfhionnachtain Cholún Samson ag Eaglais Naomh Illtud, Llantwit, timpeall na bliana 1789,[3] ach chuir staraithe níos déanaí drochmheas ar a mholadh gur chuir Samson féin suas é agus rochtain acu ar fhoinsí scríofa níos iontaofa. Sa 20ú haois, áfach, chaith staidéir ghinealais a thuilleadh solais ar an ábhar, agus measann go leor anois go bhfuil an colún "ar cheann de na séadchomharthaí Críostaí inscríofa is sine sa Bhreatain".[4]
Níos déanaí thaistil sé go Corn na Breataine (áit ar bhunaigh sé pobal i <i>Bre Dheghow</i> nó <i>Golnans</i>), ansin sna Scillí (áit a bhfuil oileán Samson ainmnithe as), Guernsey mar a bhfuil sé ina Phátrún agus sa Bhriotáin, áit ar bhunaigh sé an mhainistir Dol.[2] D'eagraigh sé
ncoinnealbhá an Rí Konomor agus d'éirigh leis achainí a dhéanamh ar an rí Meirvínseach Childebert I ar son Judael, mac coimhthithe Konomor.(c. 540-60). Tá sé taifeadta gur fhreastail sé ar chomhairle i bPáras am éigin idir 556 agus 573, agus faoin am sin bheadh sé sean. Cuireadh é lena chol ceathrair Magloire in ardeaglais Dol.
Fuair an Rí Angla-Shacsanach Athelstan (r. 924–939) roinnt iarsmaí de Samson, lena n-áirítear géag láimhe agus bachal, a thaisc sé ag a mhainistir ag Milton Abbas i nDorset.[5]
Mairtíreach Rómhánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]In eagrán 2004 de Martyrologium Romanum na hEaglaise Caitlicí, tá Samson liostaithe faoi 28 Iúil. Luaitear mar seo a leanas é: "Ag Dol sa Bhriotáin (d'éag) Samson, abb agus easpag, tar éis dó an Soiscéal agus smacht mainistreach sa Bhreatain Bheag a fhoghlaim ó Illtud, do scaipeadh iad seo i Domnonée ." [6] Níl sé le feiceáil i bhféilire liotúirgeach na naomh Caitliceach reatha a cheiliúrtar go bliantúil sa Bhreatain Bheag.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Beannaithe Julian Maunoir, "Apostle of Brittany"
- Séipéal Naomh Samson, Cricklade
- Eaglais Naomh Samson, Golant
- Saint Sampson, Geansaí
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Flobert, Pierre (tr. & ed.) (1997) La Vie ancienne de saint Samson de Dol. Paris: CNRS ISBN 2-271-05386-2
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Huddleston, Gilbert. "St. Samson." The Catholic Encyclopedia. Vol. 13. New York: Robert Appleton Company, 1912. 27 Feb. 2013
- ↑ Iolo Morganwg: the Stonemason
- ↑ Iolo Morganwg: Vale of Glamorgan Trail, published by Vale of Glamorgan Council, n.d.
- ↑ Farmer (2011). "The Oxford Dictionary of Saints" (5th ed.). Oxford University Press. ISBN 9780199596607.
- ↑ Martyrologium Romanum, 2004, Vatican Press (Typis Vaticanis), page 419.
- ↑ National Calendar for Wales, accessed 8 February 2012