Na Meirvínsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ríocht na bhFranc, bunaithe ag rítheaghlach na Meirvínsigh

Mhair tréimhse na Meirvínseach ón 5ú haois go dtí an 8ú haois AD, an chéad tréimhse staire in iarthar na hEorpa tar éis mheath impireacht na Róimhe. Is iad ba ríthe ar thailte na Fraince[1] agus na Beilge, mar aon le cuid de thailte na hIsiltíre, na Gearmáine, agus na hEilvéise. Is é Clóbhis (Clovis, AD 466-511) an chéad duine díobh a baisteadh ina Chríostaí.[2]

Baineadh an rí Childéric III den choróin, pictiúr de chuid Evariste-Vital Luminais ,1884

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an chéad ionadaí stairiúil de chuid na Meirvínseach ná Childéric I (c. 440– c. 481), mac Mhéró agus athair Chlóbhis. Bhí sé mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí.

B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge, bunaithe ar na bhfearainn a bhfuair sé ó na Rómánaigh mar fhoederatus.

Clóbhis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Clóbhis i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 B'é Clóbhis, de dheasca feachtas míleata, a mhéadaigh i ndáiríre Ríocht na bhFranc (Laidin regnum francorum) ar dtús san oirthear, i dtailte na nAlmánach. Chloígh Clóbhis na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu. Ansin ghabh sé an Acatáin san iardheisceart (a bhí i lámha na Viseagotach).

Tháinig  triúr de shliocht Clovis i gcumhacht; sin iad Teuderich II (†613), Teudebert (†612) agus Clotaire (†629). Is iadsan ba ríthe ar Burgundes, Austrasia, agus Neustria faoi seach .i. ar na trí thrian a bhí i ríocht na Meirvínseach.[2]

Sochaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi aimsir na Meirvínseach, bhí críocha agus tuatha Críostaí ann laistigh de limistéar na ríochta agus na heaglaise, agus bhí críocha agus tuatha páganacha ann a bhí laistigh agus lasmuigh den limistéar sin.[2]

Leis an ríocht a neartú, agus teorainn na ríochta a dhaingniú agus a bhrú soir, bhí an Chríostaíocht le teagasc do na tuatha págánacha sin. Is manaigh as Éirinn, as an mBreatain agus as an mBriotáin a rinne cuid mhaith den teagasc sin.[3]

Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí craobhacha an teaghlaigh ríoga in adharca lena chéile go minic. Nuair a bhí réimeas na Meirvínsigh ag teacht chun deiridh san ochtú haois, diaidh ar ndiaidh ní raibh fágtha ag an rí ach cumhachtaí deasghnátha.

Cuireadh deireadh ar fad le ríshliocht na Meirvínsigh sa bhliain 751; d'éirigh coup d’état de chuid Pépin Gearr, a bhris an tsean-ríshliocht Meirvínseach. Baineadh an rí Childéric III den choróin agus bunaíodh ríshliocht na gCairilínseach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tugadh Francia sa Laidin ar an tír
  2. 2.0 2.1 2.2 Diarmuid Johnson (2022). "Ceallach- Cín Lae Fíréin AD590-620" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-19. Dáta rochtana: 2023-04-21.
  3. Columbán: Deoraí Éireannach san Eoraip. Irisleabhar Mhá Nuad, 2010, lch 8-38. Eoghan Ó hAnnracháin