Chlodovechus I (rí na bhFranc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Clóbhis I)
Jump to navigation Jump to search
Chlodovechus I
Rí na bhFranc
Bateme de Clovis par St Remy-edit.jpg
Baisteadh Chlóbhis le San Remigius
Réimeas 481509 (Rí na bhFranc Sailíneach
509511 (Rí na bhFranc)
Dáta breithe c. 466
Dáta báis 27 Samhain, 511
Réamhtheachtaí Childericus I
Comharba Chlotarius II (Soissons)
Childebertus I (Páras)
Rítheaghlach Meirvínseach

B'é Chlodovechus I [1] (Gaeilge: Clóbhis, Clovis agus Clóvas) [2]) (46627 Samhain 511) céad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí. B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge. Chloígh Clóvas na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu roimh a bhás.

Croineolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cróineolaíocht réimis an rí Chlodovechus I neamhchruinn nó in easnamh. Tá bunús ár n-eolais ag brath ar an méid a scríobhadh sa dara leabhair Staire (Histoire, Livre II) le Gregoire de Tours, ina ndéantar tagairt de na heachtraí seo a leanas:

  • cogadh in aghaidh Syagrius tar éis don rí Clóvas bheith i réim ar feadh cúig bliana,
  • cogadh in aghaidh na nAlamanni tar éis dó bheith i réim ar feadh cúig bliana déag, agus
  • cogadh in aghaidh na Viseagotach cúig bliana roimh a bhás;

Bhí Clóvas cúig bliana déag nuair a ainmníodh é mar "Rí na bhFranc", réimeas a lean ar feadh tríocha bliain. Is dócha go bhfuil bunús na fírinne sna cuntais seo « à peu de choses près ». Tugann foinsí eile le fios gur sa bhliain 511 a fuair Clóvas bás, mar sin b'fhéidir gur sa bhliain 481 (circa) a ghlac Clóvas post an rialtóra .

Seo a leanas an Chróineolaíocht:

na Réine

  • 484: Comhghuaillíocht le Francaigh na Réine agus le Francaigh Chambrai. (B'é Ragnacaire, rí na bhFranc i gCambrai, agus b'fhéidir ceann de tuismitheoirí Chlóvais.)
  • 485: Phós sé banphrionsa Réineach, iníon Chloderic prionsa Köln agus bhí mac acu lena chéile, Theuderich. Is minic an pósadh seo léirmhínithe mar seift chun buntáiste beartaíochta a thabhairt don rí, bheadh suíochán aige lena comharsana san oirthear agus bheadh sé in ann a aird a dhíriú ar an deisceart.

Bhí an t-aontas seo le bhean chéile 'den dara ghrád', ábalta síocháin a chinntiú (Gearmáinis: friedelehen), idir Ríocht na bhFranc Réineach agus Ríocht na bhFranc Sailíneach. Is minic a léirmhíníodh na staraithe Críostaí an pósadh go mícheart, gur leannán leapa agus ní bean chéile a bhí sa phósadh. Ach tharla seo de réir míthuiscint na staraithe ar nósanna na nGearmánach agus ar chomhdhéanamh polagamach na dteaghlach Gearmánach, gan phósadh.

  1. Gregorii Turonensis Decem Libri Historiarum, II, passim
  2. http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=Clovis,Tearma.ie