Plé:Chlodovechus I

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an litriú ag déanamh scime dom. Is é an leagan atá ag focal.ie ná Clóvas, ginideach: Chlóvais. Níl "Clóbhis" ag cloí le "caol le caol leathan le leathan", agus ós rud é gur leagan Gaeilge é, ba chóir gan an prionsabal sin a thréigean (scéal eile iad na leaganacha sna teangacha coimhthíocha).

Le fírinne níl mé féin róshásta le "Clóvas", ach ar a laghad, cloíonn sé le "caol le caol leathan le leathan". Ar ndóigh, bheadh sé ní b'fhearr mar Ghaeilge dá mbeadh "Clóbhas" nó "Clóibhis" ann. Ach is fearr liom gan dul in aghaidh Focal.ie mura bhfuil údarás maith agam leis an litriú malartach.Panu Petteri Höglund 13:24, 6 Meán Fómhair 2008 (UTC)[reply]

Tá an 't-údarás más sin an focal ceart nó an fasach, leagtha síos ag Síghle Ní Chinnéide, M.A. sa leabhair 'An tSean-Eoraip ( Oifig an tSoláthair, 1947). Ag an am sin, bhí an leabhair measta ag an Roinn Oideachais i gcomhair foilseachán fá'n nGúm agus mar théacs-leabhair oiriúnach ins na Meán-Scoileanna. Tá na h-ainmneacha seo a leanas sa leabhair freisin; Brunhild ( Níl seo i focal.ie) Iúl César ( nóta: tá Caesar ag focal.ie!) San Sophia ( Níl ach 'Hagia Sophia' ag focal.ie agus Sophia ( an cathair) mar Sóifia (fir4, gu: Sóifia)) Méró ( Níl seo i focal.ie) San Isidore ( Níl seo i focal.ie) Pápa Hadrian ( Haidrian atá ag focal.ie) Impire Claudius ( Níl seo i focal.ie) Bertha( Níl seo i focal.ie) Dicúil (Níl seo i focal.ie) Bonifás (Níl seo i focal.ie) Níor thaitin Clóbhas liom agus sin an fáth gur bhain mé úsáid as Clóbhis! Éóg1916 13:51, 14 Meán Fómhair 2008 (UTC)[reply]

Cruthaigh mé dhá "athsheolaidh" aréir. Clóvas I agus Clóbhas I. Tá súil agam go mbeadh "comhréiteach" inti... Guliolopez 16:57, 14 Meán Fómhair 2008 (UTC)[reply]