Sam Smàlaidh
Clár teilifíse do pháistí ar S4C agus BBC is ea Sam Smàlaidh nó Sam an fear tine nó Sam an fear dóiteáin (Breatnais: Sam Tân, Béarla: Fireman Sam). Tá clú agus cáil air i measc na n-óg[1].
Na carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an tsraith suite sa bhaile ficseanach Pontypandy, sa Bhreatain Bheag. Meascán de na hainmneacha Pontypridd agus Tonypandy atá ann, dhá bhaile atá suite timpeall 5 mhíle óna chéile sa Bhreatain Bheag Theas.
Is fear beag dóiteáin é Sam. Is as an Pontypandy é. Labhraíonn Sam Breatnais, teanga na Breataine Bige.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Scríobh Rob Lee an tsraith bunaithe ar choincheap ag Dave Gingell agus Dave Jones, fir dhóiteáin as Sasana. Ar dtús, bhí Sam Tân le feiceáil ar theilifís Breatnaise S4C i 1985 agus tar éis sin i mBéarla ar BBC1 i 1987.
Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá na cláir theilifíse le fáil i 155 tír agus i 36 teanga eile freisin, an Béarla ina measc. Tá os cionn aon mhilliún DVD de chuid Sam díolta ar fud an domhain go dtí seo (2017 dar le ELeathanach).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ELeathanach 277, 20 Samhain 2017