S4C
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | stáisiún teilifíse craoltóir | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1982 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Ball de | International Federation of Television Archives | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú |
| ||||
| Uachtaránacht | Delyth Evans (2025–) | ||||
| Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Geraint Evans (en) | ||||
| Úinéir | S4C Authority (en) | ||||
| Úinéir de | |||||
| Suíomh gréasáin | s4c.cymru… | ||||
Soláthraí chraoltóir teilifíse is ea Sianel Pedwar Cymru, nó an Stáisiún S4C (Es Pedwar Ec) sa Bhreatain Bheag. Thosaigh sé ag craoladh ar an 1 Samhain, 1982.[1] Tá sé mar fhreagracht ag S4C seirbhís i mBreatnais a chur ar fáil le linn an bhuaic-ama craoltóireachta go príomha.
Roimh a bunaíodh S4C, bhíothas ag brath ar chláir i mBreatnais ó am go chéile ar na seirbhísí teilifíse de chuid an BBC agus HTV sa Bhreatain Bheag. Is minic a craoladh iad sin go déanach san oíche nó ag tráthanna eile nach mbeadh an tóir orthu.



Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn na 1970í, rinne gníomhaithe teanga feachtas láidir le go mbeadh seirbhís teilifíse i mBreatnais ar fáil. Dhiúltaigh roinnt daoine an ceadúnas teilifíse a íoc agus rinneadh dochar fiú do threalamh craolacháin.
Le linn an fheachtais olltoghchánaíochta in 1979 gheall Margaret Thatcher i bhforógra na dTóraithe go mbunóidís bealach teilifíse Breathnach. Laistigh de bhliain, bhí an gealltanas caite ar leataobh ag na Coimeádaithe. Ní raibh Gwynfor Evans, MP de chuid Plaid Cymru, sásta scaoileadh leo agus ligean dóibh dul siar ar an ngealltanas agus chuaigh sé ar stailc ocrais chun brú a chur ar an rialtas.[1]
Dar ndóigh bhí cáil amach ar Thatcher as bheith stuacach. Bhraith daoine nach ngéillfeadh sí d’éileamh Evans go gcoinneofaí an gealltanas. Léiríonn comhaid ó chruinnithe rialtais an ama go raibh buairt uirthi “dá ngeallfaimis ar an gceist seo, an dtabharfadh daoine eile dúshlán dúinn chomh maith? Nach mbeimis ag tabhairt ugach do náisiúnachas na Breataine Bige?”
I ndiaidh do dhaoine móra le rá sa Bhreatain Bheag ag an am sin ar nós Ardeaspag Cledwyn Hughes agus Goronwy Daniel bualadh le hairí rialtais Sasanacha, tháinig an rialtas ar athrú meoin. Ghéill an rialtas sa deireadh. D’fhógair an Rúnaí Baile Willie Whitelaw go mbunófaí S4C, agus seoladh an bealach teilifíse ar deireadh in 1982.[2]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní S4C a tháirgeadh a chláir féin, ach choimisiúnaigh siad ó chomhlachtaí neamhspleácha iad, bhí cáil ar na beocháin a choimisiúnaigh siad ach go háirithe. Maoiníodh an tseirbhís go príomha trí thacaíocht ón Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt i Westminster. Comhlíonann an BBC a dhualgas poiblí trí dheich uair an chloig de chláir a tháirgeadh gach seachtain, lena n-áirítear cláir a bhfuil tóir orthu mar an sobaldráma Pobol y Cwm (Muintir an Ghleanna) agus an clár Nuachta. Cosúil le seirbhísí eile poiblí an BBC, déantar iad seo a mhaoiniú trí cheadúnas teilifíse.
Chomh maith leis an gcraolachán ar fud na Breataine Bige, bíonn S4C á chraoladh go digiteach agus craoltar cruinnithe ón Tionól Náisiúnta sa Bhreatain Bheag freisin. Tá fáil ar an tseirbhís trí ghlacadóirí satailíte, agus tríd an "Freeview" (Teilifís Dhigiteach trastíre atá ar fáil saor in aisce) agus ar sheirbhís teilifís cábla in áiteanna i ndeisceart na Breataine Bige.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Wales Online
- ↑ Kerron Ó Luain (2026-09-04). "Gwynfor Evans, fathach náisiúnach na Breataine Bige, 1912-2005" (ga-IE). An Páipéar / Eagrán #96. Dáta rochtana: 2026-09-08.