Salvador Allende
Dochtúir Sileach agus polaiteoir sóisialach é Salvador Guillermo Allende Gossens (26 Meitheamh 1908 - 11 Meán Fómhair 1973), a bhí mar an 28ú uachtarán ar an tSile ó 3 Samhain 1970 go dtí a bhás tragóideach ar 11 Meán Fómhair 1973.[1]
Uachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Salvador Allende mar uachtarán na tíre i 1970, an chéad Marxach a toghadh go daonlathach i dtír ar bith.[2]
Bhí Allende i bhfeighil ar ghluaiseacht shóisialach ar theastaigh uathu sóisialachas a bhunú sa tír sin agus náisiúnú a dhéanamh ar acmhainní saibhris na tíre sin. Ach ní raibh leasa gnó Meiriceánacha, a raibh gabhaltais mhóra acu sna mianaigh chopair, chun glacadh leis sin. Ní raibh lucht cumhachta bunaithe sa tSile sásta leis an ngluaiseacht shóisialta ach an oiread sa chaoi nár theastaigh uathu a gcumhacht sheanbhunaithe a chailiúint.[3]
Ar 11 Meán Fómhair 1973, d'éirigh an t-arm faoin ginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende .Rinne eitleáin chogaidh ionsaí ar Áras an Uachtaráin, La Moneda, sa phríomhchathair, Santiago, Bhí cath fíochmhar ann idir fórsaí daonlathacha an Rialtais agus forghabhálaithe míleatacha. D'fhág Allende slán lena lucht tacaíochta ar an raidió, in oráid thruamhéalach. Le linn an chatha, fuair Allende bás. Ar eagla go ndéanfadh príosúnach de, b'fhearr leis lámh a chur ina bhás féin (le AK-47). Bronnadh stádas an mhairtírigh air ó shin.
Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus lean an deachtóireacht ar aghaidh go 1988.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Don Mabry, Chile: Allende's Rise and Fall. Curtha i gcartlann 30 Deireadh Fómhair 2006 ar an Wayback Machine
- ↑ "Profile of Salvador Allende". “Chile's Salvador Allende was murdered in a United States-backed coup on 11 September 1973 — three years earlier he had become Latin America's first democratically-elected Marxist president.”
- ↑ "Tragóid na Sílé - an 9/11 eile | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2022-09-11.