AK-47


Is raidhfil ionsaithe é an AK-47, nó an "Kalashnikov" (Rúisisː Автомат Калашникова) a bhaineann úsáid as urchar 7.62x39mm. Dhear Mikhail Kalashnikov an raidhfil san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1945 don chéad uair, tamall gairid tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[1]
Bíonn an AK-47 ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh. Sna 2010idí, bhain beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba Mikhail Kalashnikov, Leifteanant-ghinearál in arm na Rúise, a rinne an AK-47 a dhearadh siar in 1945. Ach tá an ’47’ sin ag tagairt don bhliain 1947; tosaíodh ag táirgeadh an raidhfil den chéad uair sa bhliain sin.
Rinneadh go leor leasuithe ar an bhun-dearadh ó shin. Tá breis is céad milliún raidhfil den chineál AK déanta idir 1947 agus na 2010idí, agus tá leaganacha nua á dtáirgeadh i gcónaí.[1]
Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an AK-47 éifeachtach, simplí agus láidir. Mar shampla, is féidir leis 30 piléar a scaoileadh i rud beag níos mó ná 3 soicind.[1]
Is féidir duine a thraenáil conas é a úsáid taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Micheál Mac an Bheatha. "Автомат Калашникова An gunna a dearadh chun an Rúis a chosaint" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-09.