Sadhlas

Sadhlas á dhéanamh san Astráil. Tá an tarracóir ag brú na hocsaigine amach ón bhféar. Cuirfear clúdach plaisteach air ina dhiaidh.
Foráiste a dhéantar as féar, arbhar Indiach nó ábhar duilleogach eile a chaomhnaítear trína pháirtchoipeadh i dtúrshadhlann aeróbach, clais sadhlais nó rolla mór aeróbach a chorntar is a shéalaítear i leathanra plaisteach. De ghnáth déantar sadhlas i gcomhair an gheimhridh nuair a bhíonn ainmhithe faoi dhíon, rud a ligeann don fhéar fás leis san earrach. Cruthaíonn an bunchoipeadh aigéid orgánacha is aimínaigéid a fheidhmíonn mar leasaithigh. Den chuid is mó eallach mairteola is déiríochta a itheann sadhlas, ach is féidir é a thabhairt d'athchogantaigh eile freisin.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |