Athchogantach
Cuma
(Athsheolta ó Athchogantaigh)
Ainmhí a bhíonn ag cogaint na círe a thugann sé aníos as a chéad bholg is ea athchogantach.[1]

Fo-ord de na mamaigh is ea na hathchogantaigh, a dtugtar cogantóirí círe orthu freisin. Is artadachtailí iad: is é sin, tá ré-uimhir méar coise acu. Bíonn níos mó ná seomra amháin sa ghoile chun cabhrú le díleá ábhair ghairbh phlandúil. Bíonn 3 sheomra i ngoile an chamail, agus 4 sheomra ag ba, caoirigh, gabhair, fianna is sioráif. Is iad na 4 sheomra seo ná an cogansach, an mioneangach, an sailtairiam, agus an fíorghoile.
Is amhlaidh a shlogann an t-ainmhí cuid mhaith bia go tapa, ansin téann go dtí áit éigin sábháilte is frithshruthaíonn bolgaim (an chíor), cognaíonn iad go beacht agus slogann arís iad i seomra eile.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "athchogantach - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for athchogantach by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2025-12-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Athchogantaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |