James Campbell
Abhcóide agus polaiteoir Éireannach ab ea James Campbell, the first Baron Glenavy, nó Séamas Mac Cathmhaoil, an Chéad Bharún Lann Abhaigh[1] (4 Aibreán 1851 – 22 Márta 1931). Bhí sé ar thús cadhnaíochta shaol poiblí a linne in Éirinn, ag an mBarra, mar bhreitheamh agus sa pholaitíocht.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Campbell i mBaile Átha Cliath ar 4 Aibreán 1851 agus d'fhreastail sé ar Dr. Stacpoole's School in 'Kingstown' (Dún Laoghaire).
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide (BA 1874), glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1878 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1892. Féachadh go forleathan ar Campbell mar an t-abhcóide ab fhearr in Éirinn san aois sin, nó sa dara háit taobh thiar de Edward Carson sa réimse sin.
Bhí Campbell ina Theachta Parlaiminte faoi dhó (feisire thar ceann na hollscoile) i dTeach na Teachtaí (1898-1900 agus 1903-17), Aturnae Ginearálta na hÉireann (1903-5) agus Ard-Aighne na hÉireann (1905 agus 1916-17).
Ar an 25 Aibreán 1916, le linn Éirí Amach na Cásca, atoghadh Campbell mar Fheisire Parlaiminte ag searmanas beag i Halla na Scrúduithe, Coláiste na Tríonóide.[3]
Rinneadh Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann de (1917-18) agus an tArd-Seansailéir leathdheireanach in Éirinn (1918-21).
Mar dhuine d'Aontachtaithe an Deiscirt ba thabhachtaí, ceapadh Campbelldon Seanad sa bhliain 1922 agus toghadh mar an chéad Chathaoirleach air. Atoghadh don phost sin é sa bhliain 1925. Níor iarr Campbell go n-atoghfaí é ina sheanadóir ag deireadh a théarma sa bhliain 1928.
Bhí Campbell ina chathaoirleach ar an gcoiste a thug comhairle don Ard-Chomairle maidir le cruthú na gcúirteanna nua, rud a baineadh amach leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Fuair a chuid tuairimí an lámh in uachtar ar na moltaí a rinne Aodh Ó Cinnéide (Ard-Aighne, 1922-24; Príomh-Bhreitheamh, 1924-36) i ndáil le roinnt ceisteanna; éide na mbreithiúna agus an modh aithisc, mar shampla.[4]
D'éag James Campbell i mBaile Átha Cliath ar 22 Márta 1931, curtha i Reilig Chnocán Iaróm.
.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tháinig a sheanathair ó Lann Abhaigh ("Glenavy of Milltown, Dublin" an teideal a roghnaigh James Campbell dó féin). "Lann Abhaigh" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "lch 16 Séamas Mac Cathmhaoil, an Chéad Bharún Lann Abhaigh". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ tcd.ie (2016). "Coláiste na Tríonóide agus an Éirí Amach (lch 16)". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ mar a thaispeáin James I. Dougherty i bpíosa i History Ireland sa bhliain 2010. (2010 (Iml 18)). "‘Ocular demonstration’ or ‘tremendous treasure’?". History Ireland. Dáta rochtana: 2021-03-22.