Jump to content

Bairnéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is bairnéad ann, nó banbhairnéad más bean atá i gceist (Béarla: baron, baronetess) ná duine a bhfuil bairnéadacht acu, teideal a bhronnas an Choróin sa Ríocht Aontaithe agus a bhronnadh an Choróin i Sasana, in Éirinn, sa mBreatain Mhór agus in Albain Nua. Feictear tagairtí don teideal chomh fada siar leis an 14ú haois ach cruthaíodh córas na mbairnéadachtaí atá ann faoi láthair i réimeas Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire le tuilleadh ioncaim a thabhairt isteach don Choróin.

Maisiúchán muineáil ar féidir leis na bairnéid uilig é a úsáid, seachas bairnéid na hAlban Nua: Lámh Dhearg Uladh.

Tugtar "sir" ar bhairnéid, amhail ridirí, agus "dame" ar bhanbhairnéid. Tá bairnéadachtaí ar an aon chineál onóra oidhreachtúla sa Ríocht Aontaithe nach meastar tiarnas ceart a bheith iontu.

Líon Bairnéadachtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Líon na mBairnéadachtaí a measadh a bheith ann ar an 1 Meán Fómhair 2017[1]
Cruthuithe Iomlán Bairnéid Tiarnaí
Bairnéadachtaí i Sasana1338251
Bairnéadachtaí in Éirinn573423
Bairnéadachtaí in Albain Nua1037330
Bairnéadachtaí sa mBreatain Mhór1229131
Bairnéadachtaí sa Ríocht Aontaithe789682107
Iomlán1204962242
  1. "BARONETS OF ENGLAND, SCOTLAND, IRELAND, GREAT BRITAIN AND THE UNITED KINGDOM". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Samhain 2017. Dáta rochtana: 4 Nollaig 2022.