Séamas Ó Duibhir
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1895 |
Bás | 4 Aibreán 1929 33/34 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach |
Teangacha | An Ghaeilge |
Sagart Éireannach agus gníomhaí cultúrtha ba ea an tAthair Séamas Ó Duibhir (1895 – 1929). Bhíodh sé ar a dhícheall ag cur chúis na Gaeilge chun cinn in Melbourne sa chéad cuid den 20ú haois, obair a bhain go dlúth leis an tacaíocht a thug sé don phoblachtachas in Éirinn.
Saol san Astráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an tAthair Séamas oiliúint mar shagart i Maigh Nuad agus oirníodh é sa bhliain 1919. Ba ghearr gur fhág sé Dúrlas Éile i gContae Thiobraid Árann chun an Astráil a bhaint amach. Tháinig sé chun Melbourne na hAstráile ar an Orsova sa bhliain 1920, agus bhí sé ina shagart cúnta i bhfobhailte Carlton, Coburg agus St Kilda Thoir. Ceapadh é mar shagart paróiste i mbaile tuaithe Trentham sa bhliain 1928.
Conradh na Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an tAthair Séamas ina uachtarán ar chraobh Mhic Shuibhne de Chonradh na Gaeilge in Melbourne, craobh a bunaíodh sa bhliain 1920 agus a ainmníodh as Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí agus náisiúnach nótáilte. Ar 31 Deireadh Fómhair 1920, nuair a reáchtáil an chraobh a céad ócáid phoiblí, dúirt an tAthair Séamas in óráid gur chóir an cine Éireannach a “dhí-Shasanú”.
Ba mhúinteoir Gaeilge é agus bhí bailiúchán breá leabhar Éireannach aige a raibh cuid mhaith leabhar Gaeilge ina measc. Tá cuid díobh i seilbh an Lárionaid Acadúil i gColáistí Newman agus St Mary’s, Ollscoil Melbourne,[1] agus tá roinnt eile le fáil i Leabharlann Caroline Chisholm in Melbourne.[2]
Cúrsaí polaitíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina eagarthóir ar an Irish News, iris phoblachtach in Melbourne ar tugadh The Irish Nation uirthi ina dhiaidh sin. Thaobhaigh sé féin agus an tArd-Easpag Daniel Mannix le hÉamon de Valera nuair a bhunaigh sé siúd agus daoine eile Fianna Fáil chun dul i mbun na polaitíochta.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 4 Aibreán 1929 maraíodh an tAthair Séamas i dtimpiste bhóthair in Coburg. Bhí slua mór ar a shochraid, rud a thaispeáin an t-ardmheas a bhí air. Bhí ainm na díograise agus na neamhthoirtéise riamh air, agus dúirt an tArd-Easpag Mannix ag an am gur thogha sagairt é.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Noone, Val. Hidden Ireland in Victoria. Ballarat Heritage Services 2012. ISBN 978-1-876478-83-4