Río Bravo
(mis) mets'ichi chena (mis) posoge (mis) paslápaane (mis) hañapakwa | ||||
Cineál | Abhainn | |||
---|---|---|---|---|
Foinse | ||||
Mór-roinn | Meiriceá Thuaidh | |||
Tír abhantraí | Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo | |||
Limistéar riaracháin | Colorado, SAM, Nua-Mheicsiceo, SAM, Texas, SAM, Chihuahua, Meicsiceo, Coahuila, Meicsiceo, Nuevo León, Meicsiceo agus Tamaulipas, Meicsiceo | |||
Deireadh | ||||
Suíomh | Murascaill Mheicsiceo | |||
| ||||
Craobh-abhainn | 27 | |||
Abhantrach draenála | Rio Grande basin (en) | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 3,051 () km | |||
Abhantrach | 471,900 km² | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Sreabhadh | 85 m³/s | |||
Ceann de na príomh-aibhneacha sna Stáit Aontaithe Thiar Theas agus i dtuaisceart Mheicsiceo is ea an Río Bravo (Béarla: Rio Grande) (an ceann eile ná an Río Colorado). Éiríonn an abhainn i lárdheisceart Cholorado sna Stáit Aontaithe agus sreabhann sí isteach i Mhurascail Mheicsiceo.[1] Ar an tslí, cruthaíonn sí cuid den teorainn idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe. De réir an Comisión Internacional de Límites y Aguas (Béarla: International Boundary and Water Commission) tá an abhainn 3.051 km ar fhad iomlán. Ag brath ar conas atá sí a thomhas, is í an ceathrú nó an cúigiú abhainn is faide i Meiriceá Thuaidh.[2]
Feidhmíonn an abhainn mar chuid den teorainn nádúrtha idir Texas agus na Stáit Chihuahua, Coahuila, Nuevo León agus Tamaulipas de chuid Meicsiceo. Feidhmíonn stráice an-ghearr den abhainn mar chuid den teorainn idir Texas agus Nua-Mheicsiceo. Ó lár an 20ú haois, toisc go raibh an iomarca tomhaltais uisce sna feirmeacha agus sna cathracha chomh maith, agus go leor mórdhambaí, atreorú an abhainn agus ní raibh ach 20% dá uisce nádúrtha a scaoileadh le sruth isteach sa Mhurascaill. Gearr do bhéal na habhann, tá an réigiún talmhaíochta 'El Valle del Río Grande' Béarla: Rio Grande Valley). tábhachtach. Tá an Río Bravo (nó an Rio Grande) ar cheann de na 19 n-Uiscí Móra aitheanta ag an 'Great Waters Coalition'.[3]
Clúdaíonn dobhardhroim an Río Bravo 472,000 km2 [4]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mighty Rio Grande Now a Trickle Under Siege April 12, 2015
- ↑ "Rio Grande".
- ↑ "America's Great Waters Coalition". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-15. Dáta rochtana: 2017-01-17.
- ↑ Benke, Arthur C. (2005). "Rivers of North America": 186–192. Academic Press.