Réad neas-Domhanda
Is éard is réad neas-Domhanda[1] ann ná astaróideach nó cóiméad taobh istigh den Ghrianchóras ar fhithis a thagann gar don Domhan, ionas go mb'fhéidir go dtarlóidh imbhualadh contúirteach. Meastar go bhfuil suas le 2,000 réad mar sin de thrastomhas níos mó ná 1 km ann, agus thar mhilliún réad de thrastomhas 50 m nó níos mó. Threáfadh réad 50 m ar leithead atmaisféar an Domhain. Dhéanfadh imbhuailí réad níos mó an-chuid dochair. Mar shampla, meastar go leanfadh dochar comhshaoil ar fud an Domhain imbhualadh réada 2 km ar trastomhas, agus an pléascadh coibhéiseach de mhilliún meigeatonna TNT, de bharr an bhrat deannaigh a chuirfeadh tús le geimhreadh a mhairfeadh na blianta, cailliúint barr, gorta is galar ar scála domhanda. Meastar gur réad eachtardhomhanda 15 km ar trastomhas a d'imbhuail leis an Domhan timpeall 65 milliún bliain ó shin a dhíothaigh na dineasáir agus suas le 75% de gach rud beo ar Domhan.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““réad neas-Domhanda” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-08-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dlúth-theagmhálach leis an". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |