Ruairí Ó Flaithearta (V)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuairí Ó Flaithearta

Iar Chonnacht ba ea Ruairí Ó Flaithearta (V) (Meán-Ghaeilge Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh) (beo 1244-1273).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deartháir leis an iar-rí, Murchadh, ba ea Ruairí. D'fhéadfadh é go ndeachaigh siad beirt i dteannta le Féilim mac Cathail Crobhdheirg (i réim 1233–1256), ar feachtas go dtí An Bhreatain Bheag in éadan Anraí III Shasana sa bhliain 1245.[1]

Ní fios cathain a rinneadh rí de Ruaidhrí, agus dá bharr níltear cinnte an é atá le luaite i iontráil don bhliain 1248, a deir go ndeachaigh na Sasanaigh (Gaill) ar feachtas in éadan Uí Fhlaithbheartaigh, ach gur chloígh an chlann na Gaill.[2] Is léir ámh ó iontráil don bhliain 1256 go raibh Ruairí i gceannas nuair a rinne mac Uilliam Burgh ionsaí air, rinne creach ar Ghnó Mór agus Gnó Beag, agus ghabh Loch Coirib.[3]

Ní fios fiú cathain ar éirigh Ruairí as a choróin. Deirtear sna hannála don bhliain 1273 gur cuireadh an ruaig air as Iar Chonnacht, ach ní thuairiscítear cé a rinne nó cén fáth.[4]

Le linn réimeas Ruairí, lonnaigh clann Seoighe sa chuid thuaidh desna críocha, le cead ó agus faoi chosaint Uí Fhlaithbheartaigh. Ach theip go hiomlán ar thionchar Uí Fhlaithbheartaigh ar a n-áit dúchais, Uí Bhriúin Seola. Taoisigh Iar Chonnacht a bheidís le dhá chéad bhliain agus iad fós neamhspleách mar dhream. Scoite ón gcuid eile den ríocht, ní raibh ach mion-tionchar acu sa chúige agus ní fheictear iad ach go hannamh sna hannála.[5]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1245.4
  2. ACM 1248.11
  3. ACM 1256.9
  4. ACM 1273.8
  5. Hardiman


Réamhtheachtaí
Murchadh Ua Flaithbheartaigh
rí Iar Chonnacht
?–1273?
Comharba
Brian Ó Flaithbheartaigh (II)