Roberto Bolaño
Ainm sa teanga dhúchais | (es) Roberto Bolaño Ávalos |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Aibreán 1953 Santiago de Chile, An tSile |
Bás | 15 Iúil 2003 50 bliana d'aois Barcelona, An Spáinn |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh ae) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tAindiachas |
Teanga dhúchais | an Spáinnis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, léirmheastóir liteartha |
Seánra | Prós agus filíocht |
Gluaiseacht | Infrarrealismo |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Spáinnis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
|
Úrscéalaí agus file as an tSile ab ea Roberto Bolaño Ávalos (Fuaimniú Spáinnise: [roˈβerto βoˈlaɲo ˈaβalos]) (28 Aibreán 1953 – 15 Iúil 2003). Ghnóthaigh úrscéal leis, Los detectives salvajes, duais Rómulo Gallegos sa bhliain 1999. Bronnadh gradam iarbháis (National Book Critics Circle Award for Fiction) air sa bhliain 2008 ar son an úrscéil 2666.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le tiománaí leoraí (a bhí ina dhornálaí chomh maith) ba ea é agus rugadh é i Santiago.
Nuair a bhí sé 15 bliana d'aois chuaigh sé lena theaghlach go Meicsiceo, áit ar éirigh sé as an scoil le dul le hiriseoireacht. Chaith sé a shaol ag fánaíocht ó thír go tír agus tacaíocht á thabhairt aige do chúiseanna na heite chlé, i mbun gach cineál oibre agus ag scríobh filíochta.
Sa bhliain 1977 chuaigh sé chun na hEorpa agus phós sé Spáinneach.
Bhí a shláinte go dona agus d'éag sé in aois leathchéad bliain, ach d'fhág sé corpas mór litríochta ina dhiaidh.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Consejos de un discípulo de Morrison a un fanático de Joyce (1984), úrscéal, comhúdar le Antoni García Porta.
- La pista de hielo (1993), úrscéal.
- La literatura nazi en América (1996), úrscéal.
- Estrella distante (1996), úrscéal gearr. PDF
- Llamadas telefónicas (1997), gearrscéalta.
- Sensini (1997).
- Los detectives salvajes (1998), úrscéal.
- Amuleto (1999), úrscéal gearr. PDF
- Monsieur Pain (1999), úrscéal.
- Nocturno de Chile (2000), úrscéal gearr.
- Tres (2000), filíocht.
- Los perros románticos. Poemas 1980-1998 (2000), filíocht.
- Putas asesinas (2001), gearrscéalta. PDF
- Amberes (2002), úrscéal.
- Una novelita lumpen (2002), úrscéal gearr.
- El gaucho insufrible (2003), gearrscéalta.
- Entre paréntesis (2004), aistí, ailt, óráidí agus agallaimh.
- 2666 (2004), úrscéal (iarbháis).
- La universidad desconocida (2007), filíocht (iarbháis)
- El secreto del mal (2007), gearrscéalta (iarbháis)
Dámhachtainí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Do 2666:
- National Book Critics Circle Award.
- Premio Fundación Lara.
- Premio Ciudad de Barcelona.
- Premio Salambó.
- Premio Fundación Lara.
- Premio Altazor.
- Premio Municipal de Santiago de Chile.
- Premio Ámbito Literario de Narrativa.
- Premio Municipal de Santiago de Chile.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Memoria Chilena - Roberto Bolaño Página oficial de la DIBAM acerca de Bolaño; contiene obras completas digitalizadas.