Jump to content

Infrearéalachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Infrearéalachas (Spáinnis: Infrarrealismo) ann ná gluaiseacht filíochta a bunaíodh i gCathair Mheicsiceo sa bhliain 1975. Fiche file a bhí sa ghluaiseacht i dtosach, ina measc Roberto Bolaño, Mario Santiago Papasquiaro, José Vicente Anaya, Rubén Medina, José Rosas Ribeyro, Guadalupe Ochoa, Vera agus Mara Larrosa, Claudia Kerik agus José Peguero.

Ghlac na hInfrearéalaigh nó na hinfras, mana ó nath de chuid an phéintéara Shiligh Roberto Matta chucu féin: "Inchinní na bunaíochta cultúrtha a phléascadh glan amach as a gcloigne". Ní raibh an ghluaiseacht dírithe ar stíl ar leith ach ar fhilíocht shaor phearsanta a chleachtadh, mar léiriú ar dhearcthaí na mball ar imeall na sochaí coinbhinsiúnta, ar bhealach a bhí cosúil le filí Bít na 1950idí.

‘Ceannlínte’ – cnuasach filíochta le Gabriel Rosenstock[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seoladh leabhar dátheangach le Gabriel Rosenstock i Luimneach sa bhliain 2024. Headlines an t-ainm a bhí ar an gcnuasach filíochta a raibh ceannlínte ón New York Times agus grúpa filí buile as Meicsiceo, Infrarrealismo, mar spreagadh aige.

Ba é an file John Liddy a sheol Headlines ag ócáid in Ionad Scríbhneoirí Luimnigh. Tá na dánta sa leabhar bunaithe ar ghiotaí as ceannlínte a foilsíodh sa New York Times idir 11-31 Lúnasa 2023. Scaoileann Rosenstock lena ghreann géar faoi áiféis na gceannlínte agus amaidí na cogaíochta agus scrúdaíonn sé leis an t-aonchineálú cultúrtha, an t-athrú aeráide agus ábhair eile. Deir Garry Bannister gur guth ‘réabhlóidí ionsaitheach síochánta’ atá sa chnuasach dátheangach seo.