Jump to content

Risteárd de Hae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRisteárd de Hae
Beathaisnéis
Breith1902
Mainistir na Féile, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1976
73/74 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmleabharlannaí Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Risteárd de Hae (Richard James Hayes) (1902 - 1976)[1] Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ina theannta sin, bhí sé ina chódscaoilteoir i rith an Dara Cogadh Domhanda.[1]

Rugadh é i Mainistir na Féile do Richard James Hayes agus do Kate Whelan. D’éirigh thar barr leis ar scoil i gColáiste Choill Chluana Gabhann, agus i gColáiste na Tríonóide fuair sé trí chéim BA - Léann Ceilteach, Nuatheangacha, agus Fealsúnacht. Ina dhiaidh sin fuair sé dochtúireacht sa dlí.

Thosaigh sé ag obair sa Leabharlann Náisiúnta in 1926, agus in 1927 foilsíodh a leabhar Comparative Idiom: an introduction to the study of modern languages. Ba é a mhórshaothar Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge 1850-1936, i dtrí imleabhar, agus Brighid Ní Dhonnchadha luaite mar chomhúdar sa chéad imleabhar (1938). Foilsíodh Imleabhar 2 in 1939 agus Imleabhar 3 in 1940. Deir sé san imleabhar deiridh úd go raibh sé chun aguisíní don dá imleabhar eile a bheith san imleabhar sin: “Ach ní dhearna mé sin óir feictear dom gur fearr imleabhar nua a chur le chéile amach anseo a mbeidh cuntas ann faoin méid a foilsíodh ó 1936 mar aon le haguisín do na trí himleabhra”. Níor foilsíodh an aguisín, áfach. In 1940 ceapadh é mar Stiúrthóir sa Leabharlann Náisiúnta, i gcomharbacht ar R. Best.[2]

I rith an Dara Cogadh Domhanda rinneadh oifigeach coimisiúnaithe san Arm de i dtreo go ndéanfadh sé teachtaireachtaí rúnscríofa a léamh: “He was a brilliant cipher breaker and played a leading part in the interception and decoding of messages, which frustrated German attempts to establish an intelligence network in Ireland”.[3] Bhog an Coirnéal Dan Bryan, ceann na Stiúrthóireachta Faisnéise in Éirinn, an scéal leis in 1940 nuair a fuarthas cód i seilbh Wilhelm Preet, an chéad spiaire Gearmánach a gabhadh in Éirinn.[4] D’éirigh go maith le De Hae, agus i bhFeabhra 1941, ar ordú Éamoin de Valera, tugadh oifig dó in éineacht le trí chúntóir chun teachtaireachtaí a dhíchódú a bhí á seoladh ó theach i mBaile Átha Cliath thuaidh, teach ar leis an leagáideacht Ghearmánach é.

Shíl baill de MI5 go raibh sé thar a bheith éirimiúil ("his gifts amounted almost to genius").[5] Bhí sé ar fheabhas chun sifir chasta a bhí bunaithe ar litreacha a dhíchódú. Thug ionadaí de MI5 cuairt ar Bhaile Átha Cliath in 1943 agus lean an dá sheirbhís rúnda orthu ag roinnt faisnéise ar a chéile go deireadh an chogaidh.

Mar Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta fuair sé seilbh ar pháipéir Urmhumhan i gcaisleán Chill Chainnigh agus chuir cáipéisí Éireannacha thar lear á micreascannánú. Cuireadh treoir ar fáil do lámhscríbhinní agus do thréimhseacháin (Manuscript sources for the history of Irish civilisation, 1965, agus Sources for the history of Irish civilisation: articles in periodicals, 1970). Foilsíodh a Foclóir Gaeilge agus Frainncise i 1952.[2]

Chuaigh sé ar scor in 1967. Ceapadh é ina leabharlannaí i Leabharlann Sir Alfred Chester Beatty agus ba chathaoirleach ar na hiontaobhaithe é. Fuair sé dochtúireachtaí oinigh ó Choláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann agus Coláiste na Ríona.[2]

Phós sé dhá uair. Ba í an chéad bhean aige Claire Keogh (a fuair bás in 1969) agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu; ansin phós sé Maura Deignan. Fuair sé bás ar an 21 Nollaig 1976.[2]

  1. 1.0 1.1 "NLI: Richard Hayes, Library Director (1940-1967) - National Library of Ireland and the Royal Dublin Society gallery". rds.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-04. Dáta rochtana: 2022-01-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 De Hae, Risteárd (1902–1976): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=612
  3. Boylan, Henry. A Dictionary of Irish Biography. Dublin: Gill and Macmillan, 1978, 1988. ISBN 071710866X
  4. Dwyer, T. Ryle (3 September 2010). "Behind the Green Curtain: Ireland's Phoney Neutrality During World War II". Gill & MacMillan. 
  5. O'Halpin, Eunan (1 April 2003). "MI5 and Ireland, 1939-1945: The Official History". Irish Academic Press.