Rick Riordan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRick Riordan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Richard Russell Riordan
5 Meitheamh 1964
59 bliana d'aois
San Antonio, Texas, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCóras Ollscoil Texas
Ardscoil Alamo Heights Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSan Antonio, Texas
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, litríocht fantaisíochta agus ficsean bleachtaireachta
Suíomh oibre San Antonio, Texas
San Antonio, Texas
Bostún Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, múinteoir, úrscéalaí, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1990 –
SeánraFantaisíocht
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinrickriordan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2292894 Facebook: rick.riordan.author Twitter: rickriordan Instagram: rickriordan Musicbrainz: 8849686f-e85c-4a0e-903f-664759a9acde Cuir in eagar ar Wikidata

Is údar Meiriceánach é Richard Russell Riordan Junior (/ˈraɪərdən/; rugadh 5 Meitheamh 1964).[1] Is fearr aithne air as an tsraith Percy Jackson and the Olympians a scríobh. Aistríodh a chuid leabhar go dtí níos mó ná dhá scór teanga agus díoladh níos mó ná tríocha milliún cóip sna Stáit Aontaithe.[2] Rinne 20th Century Fox sraith scannán bunaithe ar an gcéad dá leabhar den tsraith, agus tá athchóiriú i gcomhair Disney+ á ullmhú in 2022. Spreag a chuid leabhar go leor ábhair ghaolmhair freisin, mar shampla úrscéalta grafacha agus bailiúcháin ghearrscéalta.

Ba é Big Red Tequila an chéad úrscéal lánfhada a scríobh Riordan, an chéad leabhar sa tsraith Tres Navarre. Bhain sé clú agus cáil amach leis an leabhar The Lightning Thief (2005), an chéad úrscéal as cúig cinn sa tsraith Percy Jackson and the Olympians, a chuir grúpa déagóirí de chuid na linne seo i suíomh miotaseolaíoch Gréag-Rómhánach. Ó shin i leith, tá go leor leabhar eile scríofa ag Riordan: The Heroes of Olympus, úrscéal ag leanúint Percy Jackson; The Kane Chronicles, tríológ comhchosúil le Percy Jackson dírithe ar mhiotaseolaíocht na hÉigipte; agus Magnus Chase and the Gods of Asgard, tríológ den chineál céanna arís, dírithe ar mhiotaseolaíocht na Lochlannach.[3][4] Chabhraigh Riordan le Scholastic Press an tsraith The 39 Clues agus a seachthorthaí a fhorbairt, agus scríobh sé an chéad leabhar sa tsraith, The Maze of Bones.[5] Is é Daughter of the Deep (2021) an leabhar is déanaí aige.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Riordan in San Antonio, Texas. Bhain sé céim amach ó Alamo Heights High School, agus ar dtús rinne sé staidéar ar an gceol in Ollscoil Stáit North Texas, ag iarraidh a bheith ina ghiotáraí. D’aistrigh sé go dtí Ollscoil Texas in Austin, áit a ndearna sé staidéar ar Bhéarla agus ar an Stair. Fuair sé teastas múinteoireachta sna hábhair sin ó Ollscoil Texas in San Antonio. Mhúin sé Béarla agus Staidéar Sóisialta ar feadh ocht mbliana i Scoil Presidio Hill i San Francisco.[6][7]

Phós sé Becky Riordan sa bhliain 1985,[8] agus tá beirt mhac acu, Haley agus Patrick. Bhog siad ó San Antonio go Bostún i Meitheamh 2013 nuair a thosaigh Haley ar chúrsa ollscoile i mBostún.[8][9]

D'éirigh go maith le roinnt sraitheanna leabhar dá chuid. Bhuaigh Tres Navarre, sraith úrscéalta mistéire do dhaoine fásta faoi bhleachtaire in Texas, Gradaim Shamus, Anthony, agus Edgar.[10]

Cheap sé an smaoineamh do shraith Percy Jackson mar scéalta am codlata faoi laochra na Sean-Ghréige dá mhac Haley.[11] Diagnóisíodh go raibh ADHD agus disléicse ar Haley, agus sin an fáth a raibh carachtar an teidil hipirghníomhach agus disléicseach.[12] D’fhoilsigh Riordan an chéad úrscéal sa tsraith, The Lightning Thief, in 2005. Lean ceithre leabhar eile sa tsraith, an ceann deireanach, The Last Olympian, in 2009.

Cheannaigh 20th Century Fox na cearta scannánaíochta do Percy Jackson agus chuir siad dhá scannán lánfhada amach bunaithe ar an tsraith in 2010 agus 2013. Tar éis rath Percy Jackson, chruthaigh Riordan The Kane Chronicles, ina bhfuil déithe Éigipteacha sa lá atá inniu agus beirt phríomhcharachtar nua, deirfiúr agus deartháir, Sadie agus Carter Kane.[3] Scríobh Riordan sraith eile dar teideal The Heroes of Olympus a lean scéal Percy Jackson.[3]

Chabhraigh Riordan le forbairt na sraithe leabhar do pháistí The 39 Clues, agus scríobh sé roinnt leabhar den tsraith, lena n-áirítear The Maze of Bones, a bhí ar bharr liosta New York Times Best Sellers ar 28 Meán Fómhair 2008.[13] Scríobh sé an réamhrá don eagrán Puffin Classics de Tales of the Greek Heroes le Roger Lancelyn Green, inar scríobh sé gur imir an leabhar tionchar air a shraith miotaseolaíochta Gréagaí féin a scríobh.[14]

In 2022, chomhscríobh Riordan an clár píolótach don tsraith Percy Jackson and the Olympians ar Disney+ agus tá sé ina léiritheoir feidhmiúcháin ar an seó.[15] Cheannaigh Disney Fox in 2019, rud a thug na cearta dóibh úrscéalta Percy Jackson a chur in oiriúint don teilifís.[16]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Percy Jackson & the Olympians[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Lightning Thief (2005)
  2. The Sea of Monsters (2006)
  3. The Titan's Curse (2007)
  4. The Battle of the Labyrinth (2008)
  5. The Last Olympian (2009)

Leabhair ghaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Demigod Files (2009)
  2. The Ultimate Guide (2010, i gcomhar le Antonio Caparo, Philip Chidlow, agus Keven Hays)
  3. Percy Jackson and the Singer of Apollo (2013; gearrscéal foilsithe i Guys Read)
  4. Percy Jackson's Greek Gods (2014, léaráidí le John Rocco)
  5. Percy Jackson's Greek Heroes (2015, léaráidí le John Rocco)
  6. Camp Half-Blood Confidential (2017)
  7. The Percy Jackson Coloring Book (2017, ealaín le Keith Robinson)[17]
  8. The Lightning Thief: Illustrated Edition (14 Lúnasa 2018, léaráidí le John Rocco)[18]

The Heroes of Olympus[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Lost Hero (2010)
  2. The Son of Neptune (2011)
  3. The Mark of Athena (2012)
  4. The House of Hades (2013)
  5. The Blood of Olympus (2014)

Leabhair ghaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Demigod Diaries (2012)
  2. Demigods of Olympus (2015, r-leabhar idirghníomhach)

The Kane Chronicles[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Red Pyramid (2010)
  2. The Throne of Fire (2011)
  3. The Serpent's Shadow (2012)

Leabhair ghaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Survival Guide (2012)
  2. Brooklyn House Magician's Manual (2018)[18]

Demigods and Magicians[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Son of Sobek (2013)
  2. The Staff of Serapis (2014)
  3. The Crown of Ptolemy (2015)

Magnus Chase and the Gods of Asgard[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Sword of Summer (2015)[19]
  2. The Hammer of Thor (2016)
  3. The Ship of the Dead (2017)

Leabhair ghaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hotel Valhalla: Guide to the Norse Worlds (2016)[20][21]
  2. The Magnus Chase Coloring Book (14 Lúnasa 2018, ealaín le Keith Robinson)[18]
  3. 9 from the Nine Worlds (2 Deireadh Fómhair 2018)[22]

The Trials of Apollo[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Hidden Oracle (2016)
  2. The Dark Prophecy (2017)[23]
  3. The Burning Maze (2018)[18][24]
  4. The Tyrant's Tomb (2019)
  5. The Tower of Nero (2020)

Leabhair ghaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Camp Jupiter Classified (2020)[25]

Tres Navarre[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Big Red Tequila (1997)
  2. The Widower's Two-Step (1998)
  3. The Last King of Texas (2001)
  4. The Devil Went Down to Austin (2002)
  5. Southtown (2004)
  6. Mission Road (2005)
  7. Rebel Island (2008)

The 39 Clues[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: The 39 Clues
  1. The Maze of Bones (2008)
  2. Introduction to The 39 Clues: The Black Book of Buried Secrets (2010)
  3. Vespers Rising (2011, i gcomhar le Peter Lerangis, Gordon Korman, agus Jude Watson)

Úrscéalta grafacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Percy Jackson & the Olympians[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Lightning Thief Graphic Novel (2010, i gcomhar le Robert Venditti, Nate Powell, agus Jose Villarrubia)
  2. The Sea of Monsters Graphic Novel (2013, i gcomhar le Robert Venditti, Attila Futaki, agus Tamas Gaspar)
  3. The Titan's Curse Graphic Novel (2013, i gcomhar le Robert Venditti, Attila Futaki, agus Gregory Guilhaumond)
  4. The Battle of Labyrinth Graphic Novel (2018, i gcomhar le Robert Venditti, Orpheus Collar agus Antoine Dode)
  5. The Last Olympian Graphic Novel (2019, i gcomhar le Robert Venditti, Orpheus Collar agus Antoine Dode)

The Kane Chronicles[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Red Pyramid Graphic Novel (2012, curtha in oiriúint ag Orpheus Collar)
  2. The Throne of Fire Graphic Novel (2015, curtha in oiriúint ag Orpheus Collar)
  3. The Serpent's Shadow Graphic Novel (2017, curtha in oiriúint ag Orpheus Collar)) [26]

The Heroes of Olympus[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Lost Hero Graphic Novel (2014, i gcomhar le Robert Venditti, Nate Powell, agus Orpheus Collar)
  2. The Son of Neptune Graphic Novel (2017, i gcomhar le Robert Venditti, Antoine Dode, agus Orpheus Collar)[27]

Standalone novels[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cold Springs (2004)
  2. Daughter of the Deep (2021)[28]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rick Riordan ID Card”. Puffin Books. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Meán Fómhair 2011. Dáta rochtana: 13 Aibreán 2012.
  2. Lodge, Sally (18 Lúnasa 2011). "First Printing of Three Million for New Percy Jackson Book". Publishers Weekly. Dáta rochtana: 18 Lúnasa 2015. “There are 30 million copies in print in the U.S. of the novels in the author's three series for Disney-Hyperion: Percy Jackson & the Olympians, The Kane Chronicles, and The Heroes of Olympus—and the books have been translated into thirty-seven languages.”
  3. 3.0 3.1 3.2 "Read an excerpt from new Rick Riordan" (18 Meitheamh 2015). Dáta rochtana: 28 Iúil 2015.
  4. Springen, Karen (31 Bealtaine 2012). "Rick Riordan Makes His 'Mark'". Publishers Weekly. Dáta rochtana: 3 Meitheamh 2012. “a cruise to the Baltic and Scandinavian countries last summer provided fodder for Riordan’s upcoming Norse series” 
  5. Italie, Hillel (1 Meán Fómhair 2008). “'Potter' publisher looks to promote next big thing”. Fox News Channel. Dáta rochtana: 26 Aibreán 2009.
  6. Two Days in the Bay Area | Rick Riordan” (en-US) (16 Bealtaine 2008). Dáta rochtana: 2019-01-21.
  7. Celebrating 100 Years | Presidio Hill School”. www.presidiohill.org. Dáta rochtana: 2019-01-21.
  8. 8.0 8.1 "Update from Athena House". June 12, 2013. Myth & Mystery: The official blog for author Rick Riordan (rickriordan.blogspot.com). Retrieved November 14, 2015.
  9. Riordan, Rick (26 Eanáir 2014). "Mystery man". Boston Globe Magazine. The Boston Globe (bostonglobe.com). Dáta rochtana: 21 Feabhra 2014.
  10. Big Red Tequila”. Powells Bookstore. Dáta rochtana: 26 Aibreán 2009.
  11. Williams, Sally (8 Feabhra 2010). "Percy Jackson: My boy's own adventure". The Guardian. Dáta rochtana: 3 Eanáir 2014.
  12. Bell, Terena (1 Márta 2019). “In Rick Riordan's World, ADHD Is Heroic — INTERVIEW” (en). Romper. Dáta rochtana: 2021-01-11.
  13. "Children's Books". The New York Times (28 Meán Fómhair 2008). Dáta rochtana: 26 Aibreán 2009.
  14. Lancelyn Green (1958). "Tales of the Greek Heroes" (3rd ed.): v-vi. Puffin. ISBN 9780141325286. 
  15. Clark, Noelene (2 Meitheamh 2022). “Percy Jackson and the Olympians Casts Five Major Characters”. TVGuide.com. Dáta rochtana: 4 Meitheamh 2022.
  16. Rought, Karen (1 Nollaig 2019). “'Percy Jackson' reboot may happen at Disney, according to Rick Riordan”. Hypable. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Meitheamh 2022. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2022.
  17. "The Percy Jackson Coloring Book – Rick Riordan". rickriordan.com. Retrieved 2016-07-10.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 Rick Riordan Announces New Books for 2018” (17 Deireadh Fómhair 2017). Dáta rochtana: 23 Feabhra 2018.
  19. The Sword of Summer”. ReadRiordan.com. Disney-Hyperion. Dáta rochtana: 28 Iúil 2015.
  20. Riordan, Rick (2016-08-16). "For Magnus Chase: Hotel Valhalla Guide to the Norse Worlds: Your Introduction to Deities, Mythical Beings, & Fantastic Creatures" (as en). Disney Hyperion. 
  21. Riordan, Rick (23 Bealtaine 2016). “For Magnus Chase: Hotel Valhalla Guide to the Norse Worlds”. Series Info: Magnus Chase and the Gods of Asgard. Rick Riordan. Dáta rochtana: 13 Meán Fómhair 2016.
  22. 9 from the Nine Worlds Cover Revealed” (8 Feabhra 2018). Dáta rochtana: 23 Feabhra 2018.
  23. The Trials of Apollo – Rick Riordan”. Dáta rochtana: 2017-05-29.
  24. Riordan, Rick (2018-05-01). "The Trials of Apollo, Book Three: The Burning Maze" (as en). Disney Hyperion. 
  25. CAMP JUPITER CLASSIFIED” (6 Samhain 2019).
  26. "The Kane Chronicles, Book Three, The Serpent's Shadow: The Graphic Novel" (as en) (2017-10-03). Disney-Hyperion. 
  27. "The Heroes of Olympus, Book Two, The Son of Neptune: The Graphic Novel" (as en) (2017-02-21). Disney-Hyperion. 
  28. "Daughter of the Deep" . OCLC 1263256204.